Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Deis chaillte atá san aighneas faoin bPrótacal

| 1 |

Eoin Ó Murchú

Bhí mise ar na daoine a chuir fáilte mhór roimh phróiseas na síochána. Le fada bhí mé den tuairim gurb é an uirlis ba láidre a bhí ag na Sasanaigh chun greim a choinneáil ar an tír seo ná tacaíocht an phobail Phrotastúnaigh ó thuaidh. Bhí dóchas agam go bhféadfaí dílseacht an phobail sin a lagú dá mbeadh iachall ar an dá phobal ó thuaidh comhoibriú le chéile i riar an chúige.

Méadaíodh an dóchas sin nuair thángthas ar shocrú idir Sinn Féin agus Ian Paisley agus an DUP.

Ach ní mar sin atá cúrsaí ag oibriú amach. Bíonn corr-uair ann nuair a bhíonn an dá thaobh sibhialta le chéile, ach don chuid is mó bítear ag luascadh ó naimhdeas glan go heasaontas ciúin.

Ba é an Breatimeacht ar ndóigh a léirigh an difríocht i spriocanna ag an dá thaobh, agus ní dhearnadh aon iarracht féachaint cén chaoi a bhféadfadh páirtí amháin an páirtí eile a thabhairt leo ar ábhar ar bith.

Ón tús, bhí an DUP ar son an Bhreatimeachta, ag ceapadh gur seasamh ar son na himpireachta a bhí i gceist agus go ngreamódh sé an Tuaisceart níos mó le Sasana agus go lagódh sé an ceangal leis an stát ó dheas.

Bhí Sinn Féin in éadan an Bhreatimeachta, mórán ar na cúiseanna céanna ag ceapadh gur macalla na himpireachta a bhi i gceist agus iad daingnithe nach gcuirfí aon teorainn fhisiciúil ar oileán na hÉireann. D’fhág Sinn Féin naimhdeas don Aontas Eorpach, mar a chleacht an páirtí roimhe, i leataobh.

Bhí an t-ádh ar Shinn Féin go raibh an tAontas ag iarradh imeacht na Breataine ón Aontas a dhéanamh chomh deacair agus ab fhéidir, agus dóchas acu go bhféadfaí stop ar fad a chur leis an mBreatimeacht mar gheall ar stádas an Tuaiscirt.

Ach léirigh Boris Johnson go raibh sé níos dílse don Bhreatimeacht ná don Aontacht, agus díoladh aontachtóirí Uladh amach ar mhaithe le margadh a dheanamh sa deireadh.

Bhí an DUP trína chéile mar gheall air seo, ach in ionad iarracht a dheanamh an leas is fearr a bhaint as an scéal – éascaíocht trádála le Sasana agus leis an Eoraip araon, mar shampla – thug siad faoi éagaoineadh leis na ríthe. Ach níor thug na ríthe aon éisteacht dóibh.

Ansin tháinig an tAontas Eorpach i dtarrtháil orthu, ag bagairt an Prótacal a chur i leataobh mar chuid dá ngearán faoi chúrsaí vacsaíne.

Thapaigh Arlene Foster agus an DUP an deis ar an toirt, agus i dTeach na dTeachtaí i Westminster inniu tá rún de chuid an DUP le plé ina n-iarrfar ar rialtas na Breataine sampla na hEorpa a leanúint.

Mo léan, ní rachaidh an plé sin aon áit.

Ní hé nach bhfuil fadhbanna ann de bharr an Phrótacail. Tá, mar is léir ó sheilfeanna folmha in ollmhargaí na Sé Chontae. Ach is fadhbanna iad seo a bhaineann le modhanna oibre is cáipéisí – fadhbanna is féidir a réiteach gan stró má thugtar fúthu.

Ar ndóigh, is mó spéis ag an DUP leas a bhaint as na fadhbanna sin chun cur lena gcuid argóintí i gcoinne an Tuaisceart a idirdhealú ón “gcuid eile den Bhreatain” ná iad a réiteach.

Ach níl mórán á chur chun tosaigh mar réiteach ag Sinn Féin ach an oiread, amhail is go bhfuil siad sásta an DUP a fhágáil i bponc ós é an páirtí sin a bhí ar son an Bhreatimeachta.

Is é sin, in ionad an deis a thapú le comhéileamh a dheanamh ó Sinn Féin agus an DUP le chéile, táthar ag leanúint le pointí a scóráil in aghaidh a chéile.

Tuigim nach bhfuil sé éasca comhoibriú leis an DUP, is go bhfuil claonadh ann i gcónaí cloí le seicteachas. Tuigeann Peter Robinson é, is cosúil, go gcaithfidh cás ar son na hAontachta a dhéanamh a mheallfadh náisiúntóiri is Caitlicigh leo, ach ní thugann an DUP i gcoitinne aon aird ar shibhialtacht den chineál sin.

Maidir le Sinn Féin, is cosúil go gcreideann cuid mhaith den cheannaireacht gur féidir Athaontú na hÉireann a bhaint amach le cuidiú na bProtastúnach ar mian leo fanacht san Aontas Eorpach. I mo bharúil, seachmall atá sa tuairim sin, agus is dócha go dtiocfaidh athaontú níos tuisce as athraithe déimeagrafacha.

Deis chaillte atá ann, don pholaitíocht is don eacnamaíocht. Don pholaitíocht, toisc nach mbítear ag lorg deiseanna comhoibrithe is go bhfuil an deighilt sheicteach chomh beo is a bhí riamh; don eacnamaíocht, toisc nach bhfuil aon phlean aontaithe le leas a bhaint as féidearthachtaí an Phrótacail, agus teacht ag muintir an Tuaiscirt ar Shasana agus ar an Aontas Eorpach araon.

Nach trua sin.

Níos mó