![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-reic-ag-feile-cuirt-agus-imeachtai-eile](/wp-content/themes/yootheme/cache/d7/38391-reic-ag-feile-cuirt-agus-imeachtai-eile-d7e09829.jpeg)
Reic ag Féile Cúirt agus imeachtaí eile
REIC: Féile Cúirt
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2016/03/Reic.jpg)
Aoine 23 Aibreán @16:00
Tá an fhéile Cúirt faoi lán seoil i nGaillimh agus beidh an oíche filíochta, REIC, ar siúl tarlú ann tráthnóna inniu. Beidh píosaí cumadóireachta le cloisteáil ó Osaro, Ellie O’Neill, Laoighseach Ní Choistealbha agus Darragh Ó Caoimh, agus Ciara Ní É ina bean tí.
Is féidir clárú anseo.
Ceardlann ar Laghdú Dramhaíola agus an Athchúrsáil
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2021/04/nature-3294632_1280-1024x682.jpg)
Satharn 24 Aibreán @11:00
Ar an Satharn beag seo, beidh Edel Ní Bhraonáin ag labhairt ag ócáid de chuig Ghlór na nGael faoin tábhacht a bhaineann le cúrsaí timpeallachta, faoi na bealaí is féidir cuidiú leis an domhan trí athchúrsáil agus laghdú ar an dhramhaíl. Tá an ócáid á heagrú i gcomhpháirtíocht le Voice, cumann carthanachta atá dírithe ar an timpeallacht, agus HSBC.
Ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig ainin@glornangael.ie le clárú.
Glórtha Ciotacha: Fergus Ó hÍr
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2020/10/540441730_1280x720-1024x576.jpg)
Céadaoin 28 Aibreán @19:30
Tá agallamh eagraithe ag Glór na Móna leis an ngníomhaí Fergus Ó hÍr. Mar chuid de shraith agallamh ‘Glórtha Ciotacha’, beidh neart le foghlaim ón ócáid fhíorúil seo agus neart le cloisteáil ó ghníomhaí atá “ag tógáil gluaiseachtaí ón bhun aníos”.
Cláraigh saor in aisce ag anseo.
An Dialann sa Ghaeilge
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2015/09/Scriobh.jpg)
Déardaoin 29 Aibreán @09:00
Tá siompóisiam eagraithe ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, faoin dialannaíocht agus beidh sé phainéal i rith an lae ar an ábhar scríofa ag scríbhneoirí aitheanta na Gaeilge le réimse leathan scóláirí á phlé. Cuirfear tús leis na himeachtaí ag a 09.00 agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an tráthnóna.
Le tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig padraig.oliathain@dcu.ie
Ó Bhéal na mBanfhilí
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2020/12/Ciara-Ni-E-1024x576.jpeg)
Déardaoin 29 Aibreán @19:00
Tá comhphobal nuabhunaithe filíochta, Ó Bhéal na mBan, ag cur painéal cainte le chéile le triúr banfhilí; Ciara Ní É, Áine Ní Ghlinn agus Celia de Fréine. Beidh siad ag caint faoina saol, taithí mar fhili agus deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur orthu.
Tuilleadh eolais ar fáil anseo.