Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
mura-bhfeiceann-duine-ar-bith-d’outfit-nua,-arbh-fhiu-e-a-cheannach?

Mura bhfeiceann duine ar bith d’outfit nua, arbh fhiú é a cheannach?

| aifric ni scolai | ,

Má chaitheann tú d’outfit nua agus mura bhfeiceann duine ar bith é, arbh fhiú é a bheith ceannaithe ar chor ar bith agat? B’in í an cheist a bhí agam orm féin an tseachtain seo caite. 

Ag tús na seachtaine sin thuirling beart breá éadach ar leic an dorais, a bhuíochas d’fhear an phoist, agus an bháisteach ina chuideachta. Níor mhiste liom an bháisteach, ach gur éadach samhraidh uilig a cheannaigh mé. 

 Déardaoin bhí cinneadh mór le déanamh agam – bhí mé leis an turas mór a dhéanamh go Penney’s, den chéad uair le cúig mhí, agus bhí mé ag iarraidh an t-éadach nua a chaitheamh. Ach, mar a dúirt mé, b’éadaí samhraidh uilig a bhí ann agus ní raibh aon chóta agam a ghabhadh go deas leo. Bhí baol ann go mbáfaí mé mura mbeadh cóta orm, ach ní fheicfeadh duine ar bith an t-éadach nua dá mbeadh sé orm. Bí ag caint ar rogha an dá dhíogha!

Shocraigh mé gan cóta a chaitheamh. Bhí an aimsir go deas an mhaidin sin agus bhí mé dóchasach (is ionann ‘dóchasach’ agus ‘seafóideach’ sa gcás seo). Shiúil mé síos chomh fada leis an mbus agus an ghrian ag scaladh, agus cheap mé go raibh liom. Bhí scail orm má cheap go bhfanfadh sé mar sin i bhfad.  Ní raibh sé i bhfad sular athraigh an aimsir aríst, mar a tharlaíonn go minic in Éirinn, agus bhí sé ag doirteadh faoin am a bhí Gaillimh sroichte agam. 

Ach níor chuir sé isteach orm mórán, bhí mé ag gabháil caol díreach chuig Penney’s. Bádh ar an mbealach mé ach casadh cara liom orm ar fhágáil an bhus dom agus thug sí suntas do m’fheisteas – b’fhiú chuile bhraon báistí a thit orm théis dom an méid sin a chloisteáil. 

Agus an ghruaig plástráilte dem bhaithis agus mo chuid éadaí fliuch báite, chuaigh mé isteach sa scuaine. Bí cinnte nach raibh aon duine sa mullach orm ná ag sárú rialacha scaradh sóisialta agus mo chuid éadaí deasa nua ag silleadh ar an urlár. Ba chuma liom.

Anois tuigfidh duine ar bith a chaitheann spéacláirí mo chás nuair a deirim nach bhfuil tada níos measa ná masc fliuch do do phlúchadh agus an scamall a thagann ar spéacláirí dá bharr. Is ar éigin go raibh mé in ann an méid a bhí os mo chomhair amach a fheiceáil. B’éigean dom a bheith ag baint díom na spéacláirí chuile dhá nóiméad le n-iad a chuimilt le muinchille mo gheansaí (a bhí, cosúil le chuile rud eile, fliuch). Ach choinnigh mé orm agus bhí uair an chloig agus mo chuid airgid caite go maith agam faoin am a d’fhág mé an siopa, agus dhá mhála mhóra dhonna i mo láimh agam. 

Is ag an bpointe seo a thuig mé go raibh botún mór déanta agam, mar bhí sé fós ag doirteadh báistí agus níos measa fós, bhí dhá mhála páipéir anois agam. Ghlaoigh mé ar mham ag fuarchaoineacháin ag iarraidh uirthi mé a bhailiú. Ní fhéadfainn an bus a fháilt abhaile théis an méid sin uilig. Nuair a chonaic sí mé ag seasamh ar an bhfoscadh taobh le Jury’s Inn, gan cóta ná caipín orm, agus mála amháin stróicthe agus an ceann eile ina phuiteach i mo lámh, an gceapann tú go raibh trua dá laghad aici dom? Ní raibh, ná baol air.

Íde béil a fuair mé. Ceapann sí anois go bhfuil ceacht foghlamtha agam, agus tá! An chéad uair eile cuimhneoidh mé ar mhála canbháis a thabhairt liom agus mé ag siopadóireacht, ó tharla gur léir nach féidir braith ar na málaí a thugtar duit. 

Maidir leis an gcóta, bhuel, cuir scéala chugam má fheiceann sibh áit ar bith ina bhfuil ar chóta trédhearcach ar díol. 

Níos mó