Cluiche Snatch ar YouTube
Cluiche Snatch ar YouTube
Online Arts and EntertainmentTá ríméad ar an gcomharghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach agus an grúpa sóisialta An Queercal Comhrá an chéad Chluiche Snatch riamh i nGaeilge a chraoladh 13:00, Dé Sathairn 26 Meitheamh do Bhród LADTA+ 2021. Is seó spraíúil é an t-imeacht seo atá bunaithe ar an Snatch Game ón gclár teilifíse RuPaul’s Drag Race, ina ngléasfaidh na rannpháirtithe mar charachtair cháiliúla agus ina bhfreagróidh siad ceisteanna éadroma seafóideacha líon-an-bhearna.
I measc na rannpháirtithe san imeacht seo, tá Dean Farrell, Eoin P. Ó Murchú, Jade Pepper, Kitty Ní Houlihán, agus Rút Ní Theimhneáin agus tá réimse leathan carachtar á léiriú acu cúigear, idir phearsana aitheanta liteartha agus réaltaí cáiliúla náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tá duais €300 ag dul chuig an mbuaiteoir, a bhuí lenár n-urraitheoirí flaithiúla Foras na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge. Fógrófar an buaiteoir ag deireadh an chraolta agus is iad an láithreoir agus na moltóirí - Hugh Carr (rís a ráitear HuPaul!), Hilary Bowen-Walsh, agus Kevin Johnston - a roghnaigh.
Bígí linn ar YouTube!