20 focal Gaeilge a litrítear go haisteach go minic
Seo chugaibh roinnt focal sa Ghaeilge a litrítear i mbealaí aisteacha go minic. An raibh deacracht agat le ceann acu thíos a litriú riamh?
Díograis agus díograiseach – an ‘i’ ag an deireadh a chuireann amú muid
Institiúid – cé mhéad ‘i’ atá san fhocal seo?
Athruithe – bíonn ‘u’ san iolra, agus ‘a’ sa ghinideach
Freastail – bíonn sé ag athrú nuair a dhéantar díochlaonadh air
Sióg – bíonn an síneadh ar an ‘i’ go minic leis an bhfocal seo
Compordach – níl aon síneadh fada san fhocal seo
Cúige Laighean ach Laighin
Cúige Mumhan ach An Mhumhain
Cúige Chonnacht ach Connachta
Cinn eile:
- Tairiscint
- Meáchan
- Comhaireamh
- Fuílleach
- Achoimre
- Teachtaireacht
- Fóirsteanach
- Comhartha
- Rannpháirtíocht
- Micreafón agus maidhc
- Ainmhithe
An chomhairle is fearr atá againn chun do chuid cruinnis a fheabhsú ná síorúsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar líne: Foclóir.ie, Teanglann.ie, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, An Gramadóir, Téarma.ie, Aistear.ie agus eile.
Aon chinn eile a ritheann leat? Fág trácht ar an alt seo ar na meáin shóisialta!