5 Bhláth Fiáine a aimsítear in Éirinn
Tá an chuma air go gcaithfimid dul ar saoire sa bhaile an samhradh seo. Ní hé Costa del Sol ach tá neart le déanamh in Éirinn agus d’fhéadfá bláthanna fiáine áille a thabhairt faoi deara agus tú ag taisteal. Mar sin, seo thíos liosta beag de na bláthanna dúchasacha a mbeidh tú in ann a fheiceáil!
Fearbán
Ba cheart do gach duine in Éirinn cuimhneamh ar an gcluiche a bhaineann leis an mbláth seo! Is fíor gur bláth coitianta é ach tá níos mó ná 36 cineál éagsúla fearbáin. Is féidir leat an bláth buí a úsáid chun a fháil amach an dtaitníonn im leat agus le do chairde ó mhí Aibreáin go dtí mí Dheireadh Fómhair.
Luibh Bhléine
Tá seans maith agat teacht ar luibh bhléine má tá tú ar shaoire i mbaile cois farraige – fásann siad go maith i sáile agus is féidir leat teacht ar an mbláth corcra seo ar imeallbhord na hÉireann ó mhí Iúil go dtí mí Dheireadh Fómhair de ghnáth. Coinnigh súil amach dóibh sna hinbhir chomh maith!
Fuath Gorm / Searbhóg Mhilis
Tá cuma uathúil ar an mbláth seo – tá peitil chorcra agus staimín buí aige. Is féidir teacht ar an mbláth seo ar thaobh na bhfálta, mar sin coinnigh súil amach dóibh agus tú ag siúl amuigh faoin tuath ó mhí an Mheithimh go dtí mí Mheán Fómhair, ach tabhair aire, mar tá an planda ar fad nimhiúil, go háirithe na caora.
Feirdhris
Fásann an fheirdhris an t-am seo den bhliain agus is féidir leat teacht ar bhláthanna bándearga nó ar bhláthanna bána. Ní hamháin gur planda álainn é, ach is planda é atá lán de vitimín C, A, D agus E. Déantar síoróip, tae, agus subh mhilis de thoradh na feirdhrise, ach bí cúramach agus ná hith an toradh amh, mar is féidir leis samhnas a chur ort.
Méaracán Gorm
Fásann an bláth gorm seo ó mhí Iúil go dtí mí Dheireadh Fómhair de ghnáth agus is féidir leat teacht air in iarthuaisceart na tíre den chuid is mó. Is bláth álainn é, ach i gcontae Aontroma, deirtear go bhfuil na síoga an-tógtha leis agus tugtar ‘méaracán púca’ air chomh maith.
Má tá spéis agat sa luibheolaíocht is fiú go mór súil a chaitheamh ar leathanach Instagram Bláthanna Fiáine.