Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
nach-bhfuil-gach-aon-ait-saghas-mar-a-cheile-na-laethanta-seo?

Nach bhfuil gach aon áit saghas mar a chéile na laethanta seo?

Tugtar ‘príomhbhaile bídh na hÉireann’ ar an mbaile seo (cé go n-áiteoinn é sin, agus go dtabharfainn an duais do Chorca Dhuibhne), ach mo léir is peacaí mo shaoil, is thit an tóin as Nóra chríonna, ní raibh le n-ithe agamsa do mo dhinnéar ach a dtugas cuairt ar Chionn tSáile i dtús mhí an Mheithimh, ach sceallóga práta Spáinneacha! 

Ní hé nach rabhas eagraithe sula mbuaileas an bóthar, ach nuair a bhíos i mbun taighde faoi cá rachainn ag ithe istoíche, ní raibh aon áit a chonac, ag glacadh le háirithintí. Chaithfeá leaindeáil ag an mbialann ar an lá, agus dá mbeadh seans leat, bheadh bord ar fáil, nó ceann éigin, b’fhéidir go bhféadfá bia a cheannach le breith leat ó áit éigin, agus suí lasmuigh agus é a ithe ar do shuaimhneas. 

Muiríne Chionn tSáile

D’éirigh linn lón a fháil ar chúl óstán an Blue Haven, in áit a bhí deartha go diail ar fad chun ithe lasmuigh. Bhí popcheol le clos agus daoine óga den gcuid is mó bailithe le chéile ag baint sásaimh as an aimsir bhreá. Tá biachlár fairsing acu agus rogha leathan deochanna chomh maith. 

Um thráthnóna, má tá, gach áit a thriaileamar, bhí sé lán. Thrasnaíomar an abhainn, chomh fada le The Spaniard, ag ceapadh go mbeadh an taobh eile den mbaile níos ciúine, ach bhíodar féin lán. In aice leis an Spaniard, thángamar ar Man Friday. Bhí radharc ana-dheas amach ar an abhainn ón mbalcóin, ar a bhfuil an bialann seo suite. Ní raibh acu ach burgair agus sceallóga, áfach, agus ní raibh aon dúil i mburgar agam. Dúradh linn go mbeadh biachlár níos iomláine acu i gceann cúpla seachtain.

Sceallóga práta Spáinneacha a bhí agam agus burgar ag mo pháirtí. Bhí sé deas suaimhneach ann agus bhí sé tirim meirbh. Ba leor san.

Thar n-ais linn trasna na habhann ina dhiaidh san, mar a raibh deoch againn sa Lord Kinsale. Bhí sé ait a bheith ag lorg áite, áit ná beadh róghlórach, ach áit mbeadh atmaisféar deas ann. Cad a bhí uainn? N’fheadar! 

Ba dheas a bheith ag spaisteoireacht ar ár suaimhneas timpeall an bhaile, an lá arna mháireach, ag féachaint isteach ins na siopaithe. Siopaithe ana-ghalánta atá i gCionn tSáile. Mar shampla, siopa do hataí galánta amháin, siopa le málaí láimhe leathair, agus mórán gailearaithe. Mhothaíos go raibh airgead ag silleadh le daoine ar an mbaile. Cinnte ní raibh Cionn tSáile chomh gnóthach leis an nDaingean, agus ní déarfainn go bhfuil oiread áiteanna chun ite ann. Bhí scuaine chomh fada leis an lá amárach ag teacht amach as an mbialann aitheanta Fishy Fishy, ach bhí ite agam ansan cúpla bliain ó shin.

Tá tránna deasa cúpla míle ó bhaile, i mBaile Ghearóid, mar a bhfaca suas le caoga surfálaithe ag cleachtadh a gceirde. Bhí trucailín caifé cois na trá agus mórán bailithe timpeall ag imirt iomána agus ag siúl timpeall.

Cinnte, mholfainn Cionn tSáile, ach nach bhfuil gach aon áit, saghas mar a chéile na laethanta seo? Ith amuigh. Téir ag siúl. Bí aige baile arís ar a 11 mar a dhúnann na tithe tábhairne!

Táim sásta mar a bhfuilim, anseo i gCorca Dhuibhne agus na haon ní atá uaim ar leic an dorais agam.

Níos mó