Tá an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha ar liosta tosaíochtaí an Rialtais ó thaobh reachtaíochta do sheisiún an tsamhraidh sa Dáil.
An Príomh-Aoire agus Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a d’fhógair an liosta tráthnóna den 30 píosa reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dóibh as seo go dtí tús shos an tsamhraidh.
Ní hé seo an chéad uair don reachtaíocht teanga a bheith ar liosta dá leithéid agus tá breis is seacht mbliana ann ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.
Ba é an Breatimeacht an t-údar is déanaí a tugadh leis an moill ar fhoilsiú na reachtaíochta.
Tá os cionn seacht mbliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.
Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine 2017 le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”. De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le daoine le Gaeilge a earcú sa státseirbhís.
Foilsíodh ceannteidil leasaithe eile in 2014, ach cuireadh go leataobh an dréachtreachtaíocht ina dhiaidh sin nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in 2017 go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.
Beifear ag súil anois go bhfeicfear faoi dheireadh an Bille féin go luath agus gur cathair mar a tuairisc a bheidh ann.