Tá airgead á lorg chun tionscadail a dhéanfaidh comóradh ar an scríbhneoir clúiteach Máirtín Ó Cadhain a chur i gcrích.
Tá dealbh chré-umha den Chadhnach le cur suas ina bhaile dúchais ar an Spidéal i gConamara agus tá an láthair ar an mbaile inar rugadh an scríbhneoir ceannaithe ag Iontaobhas Uí Chadhain agus é i gceist ionaid do chuairteoirí agus d’ealaíontóirí a thógáil ann.
Deir Iontaobhas Uí Chadhain, a bunaíodh i 1996 chun cúram a dhéanamh do shaothar an scríbhneora agus chun a chuimhne a chothú, go bhfuil níos mó suime á chur i saothar an Chadhnaigh le blianta beaga anuas.
“Tá athnuachan tagtha ar an spéis náisiúnta agus idirnáisiúnta sa gCadhnach le roinnt blianta,” a deir Máirtín Ó Cadhain, mac dearthár leis an gCadhnach agus rúnaí an Iontaobhais.
“Tá dhá leagan Béarla dá mhór-úrscéal Cré na Cille foilsithe, chomh maith le leaganacha de in 10 dteanga eile, chomh maith le leaganacha de chuid dá chuid gearrscéalta i dteangacha Eorpacha eile.”
Aimsíodh anuraidh taifead den Chadhnach ag léamh as Cré na CIlle in München na Gearmáine sna 1960idí agus seoladh le gairid leagan ar líne den fhoclóir Gaeilge-Béarla a chruthaigh sé.
Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe dealbh lánmhéide den Chadhnach a chur in airde ar an Airdín Buí, plásóg díreach taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil. Is é an dealbhóir Alan Ryan Hall, atá ina chónaí in Oileán Dairbhre, atá i mbun na hoibre i láthair na huaire.
Ceaptar go gcosnóidh an dealbh suas le €50,000.
Chomh maith leis an dealbh, tá an tIontaobhas tar éis an áit ar rugadh Máirtín Ó Cadhain ar an gCnocán Glas ar an Spidéal a cheannach.
“Tá fúinn fothraigh a thí a shlánú, agus láthair shlachtmhar chuartaíochta a dhéanamh de sa gcaoi go mbeidh cuairteoirí agus turasóirí in ann cuairt a thabhairt uirthi,” a dúirt Máirtín Ó Cadhain.
Tá sé beartaithe freisin ionad d’ealaíontóirí a fhorbairt ar an láthair a d’fhéadfaidís a úsáid agus iad i mbun oibre.
“Ach dóthain maoinithe a fháil, tá fúinn, sa bhfadtéarma, tearmann le haghaidh Ealaíontóirí na Gaeilge a thógáil ar an láthair bhreithe agus ionad sealadach cónaithe le haghaidh Comhaltaí chuig Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.”
Tá eolas ar conas síntiús a thabhairt don Iontaobhas ar fáil anseo.