Ba chóir an cheanncheathrú nua otharchairr do Chonamara a lonnú “in áit atá i lár an cheantair”, amhail An Teach Dóite, a deir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Mairéad Farrell.
Tá sé tugtha le fios ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr go roghnóidh siad “suíomh a bhfuil an dlús ceart daonra ann” agus go mbeidh “tacaíocht an phobail ag teastáil chun ionad buan a bhunú do na seirbhísí nua”.
Léirigh Farrell imní faoin suíomh don tseirbhís nua do Chonamara agus dúirt sí go gcaithfear éisteacht a thabhairt don lucht feachtais a bhí á héileamh.
Dúirt an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr go lorgóidís dearcadh an phobail agus an suíomh á roghnú acu don tseirbhís nua.
D’fhógair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le déanaí go ndúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly leis go gcuirfí maoiniú ar fáil le cur leis an tseirbhís otharchairr i gConamara.
Dúirt Mairéad Farrell nár chóir dlús an daonra i gceantar a úsáid mar shlat tomhais agus an tseirbhís nua á lonnú in áit.
“Molaim chuile dhuine a bhí gníomhach sa bhfeachtas chun seirbhís otharchairr a chur ar fáil do Chonamara, go háirithe Grúpa Ghéarchéim Otharchairr Chonamara.
“Tá siadsan meáite nach é dlús an daonra ba chóir a úsáid mar shlat tomhais agus suíomh á roghnú don tseirbhís seo, toisc gur réigiún ollmhór tíreolaíochta é Conamara agus an dlús daonra íseal ann. Ina ionad sin b’fhearr áit mar An Teach Dóite atá i lár baill a roghnú mar go bhfuil teacht air ón taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas de Chonamara.”
Agus an feabhas seo á chur ar an tseirbhís otharchairr do Chonamara, cuirfear maoiniú ar fáil le 11 duine eile a fhostú ar an bhfoireann agus dhá fheithicil bhreise a chur ar fáil. Maoirseoir paraileighis agus maoirseoir cliniciúil beirt de na hoibrithe breise sin a fhostófar. Beidh otharcharr breise ar fáil i gConamara 12 uair sa lá seacht lá na seachtaine agus beidh feithicil mhearfhreagartha ar fáil sa lá.
Ghabh Éamonn Ó Cuív buíochas leis an gcoiste feachtais i gConamara “a d’oibrigh go dian dícheallach ar an bhfeachtas seo le blianta fada”. Ghabh sé buíochas chomh maith lena chomhghleacaithe polaitiúla agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr a “dhírigh ar an scéal seo chomh luath agus a bhí acmhainní ar fáil”.