Beidh sé chlár Gaeilge san iomaíocht do ghradaim ag gradaim raidió IMRO i mbliana.
Tá cúig cinn de na cláir san iomaíocht lena chéile sa rannóg don chraoltóireacht Ghaeilge. Cláir ó chúig stáisiún raidió ar leith atá ainmnithe sa rannóg.
Tá ainmniúcháin faighte ag Barrscéalta, a chuireann Michelle Nic Grianna i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta; Blas ar BBC Radio Uladh; Muintir na nDéise ar WLR FM; Pop Raidió le Niamh Ní Chróinín ar SPIN1038; agus an clár cúrsaí reatha Splanc ar Newstalk.
Tá ainmniúchán faighte freisin ag an gclár Blas Ceoil ar BBC Radio Uladh, a chuireann Caoimhe Ní Chathail i láthair, i rannóg an tsaincheoil nó an ‘Specialist Music Programme’.
Tá ainmniúchán sa rannóg náisiúnta do chláir chúrsaí reatha faighte ag Drivetime ar RTÉ Radio 1. Beirt ó Ghaeltacht Chonamara a chuireann an clár i láthair, Cormac Ó hEadhra as an gCeathrú Rua agus Sarah McInerney as Bearna.
703 iontráil a fuarthas do ghradaim IMRO na bliana seo, an líon is mó le cúig bliana anuas.
Bronnfar gradaim IMRO i mbliana ag ócáid fhíorúil Dé hAoine, an 1 Deireadh Fómhair.