Deir an tAire Tithíochta Darragh O’Brien nach maith le polaiteoirí a bheith ag cur in aghaidh forbairtí tithíochta ach gur cás ar leith atá sa Ghaeltacht.
Gheall an tAire chomh maith go bhfógrófaí “beartas nua” i leith cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana.
Agus é faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, thug an tAire le fios nach raibh aon bhaol ann go ndéanfaí neamhaird ar chás na teanga agus an Rialtas ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo caite nach raibh dóthain eolais aige chun tuairim a thabhairt faoi aighneacht a rinne Seanadóir de chuid Fhianna Fáil in aghaidh forbairt tithíochta i nGaeltacht na nDéise, ach go raibh sé i gcoinne polaiteoirí a bheith ag cur in aghaidh forbairtí tithíochta “go ginearálta”.
Dúirt an tAire Tithíochta inné, áfach, gur cás speisialta a bhí i gceist leis an nGaeltacht.
“Tá ár nGaeltachtaí speisialta, táim cinnte faoi sin agus creidim é sin freisin. Ba mhaith liom tithíocht a fháil sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Bhuail mé le Conradh na Gaeilge agus bhíomar ag plé na rudaí atá orm a dhéanamh faoin tithíocht agus cúrsaí pleanála agus céard a bheidh mé ábalta [a dhéanamh] chun cabhair a thabhairt don teanga agus chun an teanga a choimeád sa Ghaeltacht, go mór mór an teanga a spreagadh sa Ghaeltacht.
“Tá cúrsaí pleanála tábhachtach chun é sin a dhéanamh. Ní maith liom polaiteoir nó gnáthdhuine a fheiceáil i gcoinne tithíochta ach tuigim gur áiteanna speisialta ár nGaeltachtaí agus tá orm rudaí a dhéanamh ar son na teanga chun í a choimeád agus í a spreagadh sa Ghaeltacht. Tuigim é sin,” arsa an tAire Tithíochta agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin.
Dúirt O’Brien go raibh a Roinn féin agus Roinn na Gaeltachta i mbun cainteanna faoi láthair faoi bheartas nua a fhorbairt do chúrsaí pleanála sna ceantair Ghaeltachta roimh dheireadh na bliana.
Dúirt sé gur phléigh sé an cheist le Conradh na Gaeilge cheana agus go gcasfadh sé arís leo ach a mbeidh na cainteanna le Roinn na Gaeltachta críochnaithe.
Tá “díomá” ar Chonradh na Gaeilge nach bhfuil deis faighte acu a bheith páirteach sna cainteanna sin.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie go bhfuil O’Brien le moladh as “spéis ar leith” a léiriú i gcás na Gaeltachta, rud nach ndearna na hairí a chuaigh roimhe ina roinn.
Ach ba chóir, arsa de Spáinn, go mbeadh ionadaíocht ag muintir na Gaeltachta sna cainteanna idir an dá roinn.
“Níl aon dream is fearr a thuigeann na riachtanais i dtaobh cúrsaí pleanála ná muintir na Gaeltachta féin. Phléigh Conradh na Gaeilge an cheist seo le grúpaí pobail agus rinneamar moltaí dá réir.
“Ba mhaith linn bualadh arís leis an Aire Tithíochta agus le Roinn na Gaeltachta le linn na gcainteanna seachas ina ndiaidh chun a chinntiú go bhfreastalóidh an beartas nua ar riachtanais an phobail,” arsa Julian de Spáinn.
Tá sé tugtha le fios cheana ag an Aire Tithíochta go gceapann sé nach bhfuil gá an bunchóras pleanála atá i bhfeidhm don Ghaeltacht faoi láthair a athrú agus nach bhfuil sé ar son cumhachtaí pleanála a aistriú go dtí Údarás na Gaeltachta, mar atá molta ag Conradh na Gaeilge.
I bhfreagra a thug sé ar cheist ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht an samhradh seo caite, dúirt an tAire O’Brien gurb iad na Comhairlí Contae is fearr chun an córas pleanála a chur i bhfeidhm agus go raibh cosaint don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chóras mar atá.
Mhol an Teachta Éamon Ó Cuív an tseachtain seo go nglaofaí os comhair Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais ionadaithe ó na seacht gcomhairle contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram agus mhaígh sé go bhfuil “scigmhagadh” á dhéanamh den choinníoll maidir le tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí nua sa Ghaeltacht.