Tá sé “mícheart” síneadh fada a fhágáil ar lár in ainmneacha daoine, dar leis an Taoiseach Leo Varadkar.
Ag labhairt dó le Nuacht TG4 faoi chonspóid an tsíneadh fada, dúirt an Taoiseach go bhfuil an fada “chomh tábhachtach” le litir.
“Bheadh sé ceart an fada a úsáid agus bheadh sé mícheart gan an fada a úsáid.
“Is ceart agus is cóir go mbeadh ainmneacha daoine ceart agus má tá síneadh fada i gceist, sin é atá ann,” arsa an Taoiseach.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur chinn oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.
Chinn an Coimisiún nach ceart absalóideach é ag an duine a bhfuil síneadh fada ina ainm an t-ainm sin a bheith litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.
Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE. Cé gur údar díomá dó toradh an fhiosrúcháin, deir Ó Cofaigh go bhfuil sé chun leanúint ag troid ar son an tsíneadh fada.
Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus na sínte fada a chur isteach.