Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ina-charr-a-bhionn-mo-chara-on-gcolaiste-ina-chodladh’

‘Ina charr a bhíonn mo chara ón gcoláiste ina chodladh’

| kate scott | ,

Bhí mé ag labhairt le buachaill a bhí sa léacht liom an tseachtain seo caite. Agus muid ag caint, d’fhiafraigh mé de cá bhfuil sé ina chónaí agus dúirt sé go raibh an t-ádh air mar fuair sé áit i lóistín na hollscoile ach go raibh cuid dá chairde sa gcathair gan dídean. Lig mé gáire amach ar dtús mar cheap mé gur ag magadh a bhí sé, cén chaoi a mbeadh tú gan dídean, chaithfeadh sé go bhfuil áit éigin acu. Níor raibh a fhios agam ag an am a laghad eolais a bhí agam ar an scéal, agus bhreathnaigh an buachaill orm agus dúirt “dháiríre atáim, bíonn mo chara ina choladh ina charr mar nach bhfuil aon áit le cónaí aige agus caithfidh sé dul ag na léachtaí sa lá.”

Tar éis é seo a chloisteáil, chaith mé cuid mhaith den tseachtain ag déanamh taighde ar eispéiris na mac léinn ollscoile sa tír seo le tithíocht agus an cruachás tithíochta atá ann. Cinnte, tá a fhios ag gach duine go mbíonn sciob sceab ar lóistín do mhic léinn chuile bhliain, ach is léir go bhfuil daoine óga na tíre seo ina gcoladh in óstáin, i mbrúnna óige, ar thoilg a gcuid cairde, i gcarranna, i ngarrantaí agus i bpubaill. Is cúis náire é don rialtas go bhfuil cúrsaí chomh dona seo. 

Go pearsanta, tá an t-ádh ormsa.  Tá mé i mo chónaí sa mbaile le mo chuid tuismitheoirí mar nach bhfuil me ábalta an meánchíos i nGaillimh a íoc, fiú le post páirtaimseartha.  Bhí mé féin agus mo chairde ag cuartú áit chónaithe ón gcéad bhliain agus bhí na praghsanna ródhaor. 

Bhí go leor daoine óga ar mo nós féin, nach raibh ábalta airgead a shaothrú ar feadh bliana iomlán mar gheall ar COVID-19. Ní raibh mise ar mo shuaimhneas a bheith ag obair go dtí go raibh an vacsaín faighte ag mo sheantuismitheoirí, os rud é go bhfeicim iad gach lá.  Mar sin, ní raibh post agam agus ní raibh mé incháilithe le haghaidh an PUP. Cé gur oibrigh mé i rith an tsamhraidh seo, ní bheadh a ndóthain airgid agam cíos a íoc agus bia a cheannacht. Dá mbogfainn amach leis an ioncam sin ní bheadh mé in ann, nó leabhra scoile a cheannacht nó aon rud a theastaíonn uaidh scoláire ollscoile, ná dul amach le mo chairde. 

Sin sách dona, agus is í an fhírinne ná nach féidir le duine atá ar dheontas SUSI cíos i nGaillimh a íoc. Is €8,800 atá ar an seomra is saoire i lóistín nua OÉ Gaillimh. Meastú an mbeadh gnáthscoláire Éireannach ábalta é sin a íoc leo féin? Ní dóigh liom é. Fágann sé seo go bhfuil na daoine is leochailí fágtha ar an ngannchuid.

Ta Aontas na Mac leinn i nGaillimh seasta ag labhairt amach faoin easpa tithíochta. Bhí Uachtarán an Aontais ag slógadh tithíochta i nGaillimh ag tús na míosa seo, áit ar luaigh sí an brú aisteach atá ar mhic léinn na tire seo tithíocht a fháil, gan caint ar na mic léinn céad bliana ata fós le teacht. Mhaígh sí go bhfuil an líon is mó maoine tréigthe ag cathair na Gaillimhe sa tír ar fad. Anuas ar sin, níl an rialtas ag déanamh tada ach ag rá go bhfuil easpa tithíochta ann. Bíonn ollscoileanna ag brath ar tháillí ó na mic léinn agus ar an ioncam ón lóistín a íocann na mic léinn idirnáisiúnta de ghnáth, ach leis an bpaindéim, tá i bhfad níos lú den dream idirnáisiúnta anseo i gcomparáid leis na blianta roimhe seo. Ciallaíonn sé seo go bhfuil tithíocht ar phraghsanna míréasúnacha á tairiscint do micléinn na hÉireann, nach bhfuil aon rogha acu ach í a thógáil.

Tá sé éasca droim a chasadh leis seo agus neamhaird a dhéanamh air, mar gur fadhb mhór mhillteach í an ghéarchéim thithíochta in Eirinn, agus ní fadhb nua ata ann ar chor ar bith. Mar sin féin, ní féidir linn seasamh siar chomh fada agus ata an rialtas ag cur ruaig ar ghlúin óg na hÉireann amach as an tír, mar ní bheidh aon rogha ag daoine óga ach an bád bán a thógáil má leanann seo ar aghaidh i bhfad eile.

Níos mó