Cuirfidh Roinn na Gaeltachta ‘Plean B’ i bhfeidhm d’ionad oideachais agus óige i gConamara mura n-aontaíonn Coláiste Lurgan talamh a dhíol leo don fhorbairt roimh dheireadh na míosa.
Chuir feidhmeannaigh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bplean ‘B’ d’fhorbairt an ionaid ag láthair Choláiste Lurgan faoi bhráid na meán ag seisiún eolais sna Forbacha inniu.
Tá an Roinn ag iarraidh dhá phíosa talún a cheannach ó Mhicheál Ó Foighil chun an foirgneamh nua a thógáil ag láthair an choláiste in Indreabháin i nGaeltacht Chois Fharraige. Is mura n-éiríonn leo an talamh sin a cheannach a chuirfí an plean nua i bhfeidhm.
Faoin ‘plean B’ sin, bheadh an t-ionad i bhfad níos lú ná mar a bhí beartaithe. Bheadh an líon céanna seomraí ann ach bheadh an príomh-halla níos lú agus áit do níos lú daoine ann dá bharr.
Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, go mbeadh rogha fós ag Coláiste Lurgan a bheith mar phríomhthionónta san fhoirgneamh le linn an tsamhraidh mura ndíolann Coláiste Lurgan an talamh leis na húdaráis.
Dúirt sé, áfach, gur shíl sé nach mbeadh aon fhadhb ann teacht ar choláiste eile dá mba ghá.
Tá amhras ann faoina
bhfuil in ndán d’fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán le tamall mar gheall ar aighneas idir an Roinn agus an tÚdarás agus úinéir Choláiste Lurgan.
Dúirt feidhmeannaigh na Roinne agus an Údaráis inniu go bhfuil siad dhá bhliain ag plé an scéil le húinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, agus gur gá dul ar aghaidh leis an bhforbairt. Bhí an baol ann, a dúradh, go mbeadh orthu an €6 milliún atá curtha ar leataobh don togra a chaitheamh áit éigin eile.
Dúradh gur dócha anois gur in 2024 a bheadh an foirgneamh tógtha.
Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, nach rabhthas chun géilleadh d’éileamh Uí Fhoighil go gceapfaí eadránaí chun iarracht a dhéanamh teacht ar fhuascailt na sáinne.
“Tá deireadh leis an bplé faoi eadránaí, ní ceist d’eadránaí í,” a dúirt Stiúrthóir na Gaeilge.
Tá sé curtha i leith na Roinne agus an Údaráis go minic ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, gur ag tarraingt na gcos atá siad i dtaobh an togra in Indreabhán.
Ach deir lucht na Roinne agus an Údaráis, gurb amhlaidh go bhfuil siadsan ag fanacht ar úinéir Choláiste Lurgan glacadh leis an bplean atá acu don fhorbairt.
Seachas ceist na talún, is í an chnámh spairne is mó atá idir na húdaráis agus Coláiste Lurgan ná cé a bheadh freagrach as bainistíocht an fhoirgnimh “ó cheann ceann na bliana”.
Chuir an Roinn dréachtphlean bainistíochta ar fáil inniu, plean atá curtha faoi bhráid na ngrúpaí pobail go léir a bhfuil baint acu leis an scéal. Tá go dtí deireadh na míosa ag daoine moltaí a dhéanamh faoin bplean.
Deir an Roinn go mbunófaí coiste comhairleach agus go gceapfaí bainisteoir a bheadh i mbun reáchtáil an fhoirgnimh ó cheann ceann na bliana. Bheadh “cead eisiach” á thabhairt do Choláiste Lurgan an foirgneamh a úsáid do na cúrsaí samhraidh gach bliain.