Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
daoine-as-cois-fharraige-a-lorg-do-staidear-teanga

Daoine as Cois Fharraige á lorg do staidéar teanga

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá daoine as Gaeltacht Chois Fharraige agus an ceantar máguaird á lorg ag taighdeoir as an bhFrainc atá i mbun PhD faoin mBéarla a labhraítear sa réigiún. Tá Airielle Theveniaut i gcathair na Gaillimhe i láthair na huaire agus súil aici labhairt le “go leor daoine” as an gceantar “ó Bhearna soir go dtí an Cheathrú Rua” dá cuid taighde. 

Tá spéis aici castáil le daoine dátheangacha a tógadh sa cheantar le go mbeadh sí in ann an tionchar atá ag Gaeilge dhúchais na háite ar an gcineál Béarla a labhraítear ann. Dúirt Airielle le NÓS go mbeadh an-spéis aici labhairt le cainteoirí Gaeilge nach bhfuil Béarla acu nó a bhfuil fíorbheagán Béárla acu ach go dtuigeann sí nach bhfuil mórán daoine mar sin ann, má tá a leithéid ann ar chor ar bith. 

Ba mhaith léi castáil le daoine nach as Cois Fharraige iad ach atá ina gcónaí ann le breis agus ocht mbliana, lucht foghlama na Gaeilge ina measc, le go ndéanfadh sí staidéar ar an gcaidreamh sochtheangeolaíoch idir na teangacha. 

“Nuair a thosaigh mé an taighde bhí mé an-dírithe ar cheantar Chois Fharraige agus ar theorainneacha crua, ach tá sé deacair na teorainneacha sin a leagan amach . Ba mhaith liom labhairt le daoine as an Spidéal agus Indreabhán, ach níor mhiste liom daoine as iarthar chathair na Gaillimhe, Bearna, agus chomh fada siar leis an gCeathrú Rua ach an oiread,” a dúirt Airielle le NÓS. 

Tá PhD ar bun ag bean na Fraince ar Bhéarla na hÉireann, agus staidéar á dhéanamh aici ar an ábhar ó rinne sí a bunchéim cúpla bliain ó shin. Tá MA sa teangeolaíocht déanta aici ar an mBéarla a labhraítear i gCúige Uladh, agus anois tá a haird dírithe aici ar Bhéarla na Gaillimhe toisc “nach bhfuil mórán staidéir déanta air” go dtí seo. Tá comhghleacaí léi i mbun taighde ar chainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath. 

Nuair a bheidh an staidéar seo curtha i gcrích ag Airielle, tá sí ag súil go mbeidh “corpas sách mór” de Bhéarla Chois Fharraige agus an ceantar máguaird ann a mbeidh daoine eile in ann tairbhe a bhaint as ó thaobh na teangeolaíochta de. 

“Beifear in ann staidéir eile a dhéanamh ar an bhfoghraíocht agus ar fhóinéimí agus araile. Tá liosta focal, liosta abairtí, agus téacsanna éagsúla againn, agus beidh agallaimh ann leis na cainteoirí faoin mBéarla atá acu agus faoin gcaidreamh atá acu leis an teanga sin agus leis an nGaeilge féin – cén chaoi agus cén uair a úsáideann siad ina ngnáthshaol iad. Beidh muid ag caint faoin saol oibre, an chaint cois claí, comhráite le cairde agus comhráite le daoine nach bhfuil aithne mhaith ag an gcainteoir orthu,” a dúirt sí. 

Ba mhaith le Airielle go dtiocfadh rannpháirtithe ina mbeirteanna chuig an staidéar le go mbeadh sí in ann gnáthchomhrá idir beirt a bhfuil caidreamh maith eatarthu cheana féin a thaifeadadh. 

“Mairfidh an rud ar fad thart ar cheathracha nóiméad. Beidh gnáthchomhrá ann le duine eile, cara nó gaol, beidh agallamh ann liomsa, agus beidh na liostaí focal agus abairtí le léamh os ard ag na rannpháirtithe. Ba mhaith liom tasc eile a dhéanamh nárbh fhéidir liom a dhéanamh sna hagallaimh a rinne mé cheana féin ar Zoom – bheadh ar dhuine amháin treoracha a thabhairt ó bhéal don duine eile agus bheadh ar an duine sin an cúrsa a mharcáil ar léarscáil,” a mhínigh sí. 

Tháinig Airielle go Gaillimh an tseachtain seo caite agus beidh sí anseo go dtí an 13 Samhain. Is i gCnoc na Cathrach, ar imeall chathair na Gaillimhe, atá sí ag fanacht agus beidh sí sásta castáil le muintir Chois Fharraige lá ar bith den tseachtain don taighde. Is iarrthóir PhD sa Laboratoire Parole et Langege in Ollscoil Aix í agus tá sí faoi stiúir Thaidhg Uí Ifearnáin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus í anseo in Éirinn. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Airielle le coinne a dhéanamh ar ríomhphost (airelle.theveniaut@univ-amu.fr) nó ar WhatsApp (0033688654615).

Ba é an ceol a mhúscail spéis an Fhrancaigh sa tír seo an chéad lá riamh, agus bhí sí ina cónaí i gcathair na Gaillimhe ceithre bliana ó shin, tráth a bhí a teanga dhúchais á múineadh aici san ollscoil. Tá spéis sa cheol aici i gcónaí agus tá súil aici a scíth a ligean sna tráthnóna ag casadh na fidile ag seisiúin cheoil sa chathair nó sa Ghaeltacht. 

Níos mó