Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘leiriu-ar-an-bhfailte-ata-roimh-an-afraic-sa-dioscursa-aeraide-e-cas-vanessa-nakate’

‘Léiriú ar an bhfáilte atá roimh an Afraic sa dioscúrsa aeráide é cás Vanessa Nakate’

Táthar ag fáil faoi réir na comhdhála ar an athrú aeráide a reachtálfar i nGlaschú na hAlban i gceann coicíse. Mar chuid den ullmhúchán san, d’fhoilsigh an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta tuarascáil thathagach inné.

De bharr na tréimhse atá caite agamsa sa Chéinia, tá rud amháin thar nithe eile agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Ba é sin an méid a bhí le rá sa tuarascáil i dtaobh oighearshruthanna na hAfraice. Ní críoch í an Afraic a samhlaítear oighearshruthanna de ghnáth léi, ach tá siad ann ambaist, agus áit amháin ina bhfuil siad le fáil ná Kilimanjaro – sliabh maorga a bhfuil leath de sa Chéinia, agus an chuid eile sa Tansáin. Bhí Sliabh Kilimanjaro fé shneachta nuair a d’eitlíos féin thairis ag ceann na bliana anuraidh. Agus más fíor dá dtuarann an tuarascáil seo, ní bheidh oighearshruth dá laghad le feiscint ann i gceann fiche bliain eile. Ar feadh dhá mhíle dhéag bliain a sheas oighearshruthanna Kilimanjaro an fód, ach ní fada eile buan anois iad má tá.

Deirtear gurb í an Afraic an ilroinn is lú a chuireann leis an athrú aeráide, agus gurb í is mó a bheidh thíos leis an athrú aeráide amach anso. Lonnaithe ar ilroinn na hAfraice atá an ceathrú cuid de thíortha an domhain, gan a bheith freagrach ach as 4% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain. Agus tá tionchar an athraithe aeráide á imirt cheana féin ar thíortha na hAfraice – tá tuillte sa tSúdain le blianta beaga anuas agus tá siad ar na tuillte is measa a chonacthas sa tír sin le 60 bliain chun gan ach sampla amháin a lua.

Ach de thoradh, is dócha, gurb í an Afraic is lú is cúis leis an athrú aeráide, ní bhíonn bheith istigh aici ar an dioscúrsa i dtaobh an athraithe aeráide sách minic, agus bhí léiriú fíorshaoil ar an méid sin sa bhealach gránna inar caitheadh leis an ngníomhaí Vanessa Nakate. 

Bean is ea Vanessa ó Uganda, agus d’fhreastail sí ar chomhdháil ar an athrú aeráide in Davos na hEilvéise le déanaí. Tréis di seasamh i bpictiúir in éineacht le banghníomhaithe eile ar son an chomhshaoil, Gretan Thunberg ina measc, chuaigh áisíneacht nuachta i mbun an pictiúr a réiteach chun a scaipthe ar na meáin shóisialta.  Ach nuair a scaipeadh an pictiúr, bhí Vanessa bearrtha as.

Is ea, dúradh gur bhotún a bhí ann, bhí cad é liútar éatar ann agus gabhadh leithscéal sa deireadh. Bhíos féin in amhras fén méid sin agus is cosúil go bhfuil Vanessa leis in amhras fén míniú san a tugadh. Ach is í an íoróin ar fad ná gur ghnóthaigh an scannall a lán poiblíochta do leabhar nua dá cuid, leabhar ina bpléann an t-údar le hionad reatha na hAfraice sa dioscúrsa domhanda ar an athrú aeráide. A Bigger Picture: My Fight to Bring a New African Voice to the Climate Crisis is teideal don leabhar, agus tá sé le foilsiú ar an 2 Samhain. An marófar mé má luaim é mar mholadh ar bhronntanas Nollag?

Níos mó