3,628 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
420 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 23 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 105 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná mar a bhí inné.
De réir anailís a rinneadh ar thástálacha PCR, dúirt an Roinn Sláinte tráthnóna go meastar gurb é an cineál Omicron den víreas a bhí i gceist le thart ar 35% de na cásanna a fógraíodh.
Tá fógra le déanamh ag an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna maidir le srianta breise a mhol NPHET chun dul i ngleic leis an ráig seo den Omicron.
Tuairiscítear go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas cuirfiú 8pm a thabhairt isteach do thithe tábhairne, bialanna agus imeachtaí beo.
Mhol NPHET go mbeadh ar thithe tábhairne agus ar bhialanna dúnadh ag 5pm tráthnóna go dtí deireadh mhí Eanáir. Táthar ag moladh go laghdófaí chomh maith líon na ndaoine atá ceadaithe ag ócáidí taobh istigh agus taobh amuigh. Beidh ar ghartheagmhálaithe nach bhfuil an teanndáileog faighte acu fanacht amach ó dhaoine eile.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 1,887 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
312 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.
Léirigh figiúirí eile a foilsíodh go raibh an ráta scaipthe den Covid-19 níos airde i gConamara Theas ag tús mhí na Nollag ná mar a bhí sé ag aon phointe eile ó thús na paindéime. Chuaigh an ráta scaipthe ansin os cionn 1,000 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar den chéad uair.
Ráta scaipthe 1,092 a bhí i gceist i gConamara Theas sa tréimhse idir an 30 Samhain agus an 13 Nollaig agus 233 cás deimhnithe ann san achar sin. B’in ardú 17% ar na figiúirí a bhí luaite leis an gceantar an tseachtain seo caite.
Nuair a bhí an mhaidhm is measa den víreas ann ag tús na bliana seo, ráta idir 700-800 a bhí i gConamara Theas.
Ráta scaipthe os cionn 1,000 a bhí i gConamara Thuaidh sa tréimhse ag tús na míosa seo freisin. Cé gur laghdú beag a tháinig ar líon na gcásanna sa cheantar le seachtain anuas, ó 199 go dtí 174, bhí ráta 1,012 i gceist ann.
Ráta 1,305 an meánráta náisiúnta sa chéad chúpla seachtain de mhí na Nollag. Ní raibh ach dhá thoghcheantar Gaeltachta ar fud na tíre a raibh ráta scaipthe den Covid-19 ann níos airde ná sin.
Ráta 1,411 a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. De réir na staitisticí is deireanaí, 520 cás nua a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas, laghdú beag ón 531 cás a bhí luaite leis an gceantar i bhfigiúirí na seachtaine seo caite.
I dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, laghdú freisin a tháinig ar líon na gcásanna, ó 476 go dtí 417, ach bhí an ráta ag 1,337, níos airde ná an meánráta náisiúnta.