21,926 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
936 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, cúigear níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 84 díobhsan in aonad dianchúraim, seisear níos lú ná mar a bhí inné.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu 6,877 cás nua. Dúradh nach raibh aon bhás eile de dheasca an víris le fógairt ansin inniu.
402 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim.
Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE inniu gur measa atá cúrsaí foirne buailte an tseachtain seo ná a bhí an t-am seo anuraidh.
“Den fhoireann sin atá as láthair, altraí agus mná cabhrach 35% díobh agus daoine iad 35% eile a thugann cúram sláinte, pobail is sóisialta do dhaoine sa phobal nó don tseirbhís otharcharr,” a dúirt Reid.
Dúirt sé go raibh breis is milliún tástáil antaigine seolta ag an HSE agus gur daoine idir 4-39 bliain a fuair 150,000 acu sin le ceithre lá. Tá “soláthar cinnte” de na tástálacha seo ag an HSE go dtí deireadh na míosa seo agus tús mhí Feabhra.