5,767 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna bunaithe ar thástálacha PCR.
Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,916 duine a raibh toradh dearfach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
979 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 27 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 93 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí i gceist inné.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 4,081 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
412 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 28 díobhsan atá in aonad dianchúraim