4,006 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.
Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,212 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
824 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 61 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 79 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos mó ná mar a bhí ann inné.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 5,023 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
393 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 21 díobhsan atá in aonad dianchúraim.