Tá ceoltóir aitheanta Gaeltachta coimisiúnaithe chun píosa ceoil speisialta a chumadh do cheiliúradh 100 bliain an Gharda Síochána.
Tá sé fógartha gurb é Odhrán Ó Casaide, duine de na Casaidigh, an teaghlach ceoil aitheanta as Gaoth Dobhair, a roghnaíodh chun an píosa ceoil seo a chur le chéile.
Casfaidh banna ceoil an Gharda Síochána an píosa ag ócáid chomórtha speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mí Lúnasa.
Tá Odhrán Ó Casaide ina chónaí i Ráth Chairn atá léachtóir sa cheol in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. An t-amhránaí Sibéal Ní Chasaide a iníon.
Tá an ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar cheann de roinnt ócáidí atá beartaithe chun stair 100 bliain an Gharda Síochána a cheiliúradh.
Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris go raibh súil aige go dtabharfadh na hócáidí deis don phobal tuilleadh a fhoghlaim faoi na Gardaí agus ómós a léiriú dóibh siúd atá agus a bhí ag obair san eagraíocht.
Céad bliain is an lá inniu, ar an 9 Feabhra 1922, a tháinig coiste bunaidh an Gharda Síochána le chéile den chéad uair.