Biongó Ceoil leis an Queercal
Biongó Ceoil leis an Queercal
@ Club Chonradh na Gaeilge
Seachtain na Gaeilge with Energia Arts and EntertainmentNach fada an lá ó chaith muid lá ildaite LADTAIÉ+ le chéile faoi aon díon!
Bí linn do lá imeachtaí aiteacha le Gaeilge i gClub an Chonartha do Sheachtain na Gaeilge!
Cuirfimid tús leis na himeachtaí sa Chlub ag 17:00 le haoi-chaint ón taibheoir buirlisce Aurora Divine (imeacht arna eagrú ag AerachAiteachGaelach). Imeoimid le haghaidh béile le chéile sa chathair ansin agus fillfimid ar an gClub ag 20:00 don bhiongó craiceáilte ceoil seo atá á eagrú ag an Queercal Comhrá.
Cén chaoi a n-oibreoidh sé? Smaoinigh ar an ngnáth-bhiongó ach ansin cuir amhráin isteach in ionad na n-uimhreacha. Beidh seanchlasaicí aiteacha, amhráin pop agus amhráin Ghaeilge le cloisteáil agus má bhíonn teidil na n-amhrán ar do bhileog agat, cuirfidh tú stróic tríothu nó go mbeidh an "líne lán" nó an "teach lán" agat.
Beidh trí dhuais le bronnadh ag an ócáid ar luach €50, €25 agus €15 faoi seach agus roghnóidh na buaiteoirí a nduaiseanna féin ó na táirgí áille suimiúla ar eolaire Údarás na Gaeltachta.
Is é Kevin Johnston fear an tí don oíche. Rinne Kevin sárjab den bhiongó ag Bród 2019 agus tá muid ar bís le bheith ag cruinniú le chéile arís faoi aon díon san fhíorshaol anois i 2022. An Queercal abú!