Níor thuigeas go dtí le déanaí go síleann a lán daoine lasmuigh den Úcráin gur cineál éigin grúpa imeallaithe iad cainteoirí Rúisise san Úcráin nár fhoghlaim an Úcráinis riamh, nach bhfuil ábalta í a labhairt nó a thuiscint agus atá fágtha gan seirbhísí dá bharr.
Níl aon chosúlacht ar chor ar bith aige sin leis an bhfíorscéal. Is é fírinne an scéil go bhfuil formhór na ndaoine san Úcráin dátheangach – b’fhearr le roinnt daoine an Úcráinis a úsáid ina saol gach lá ach daoine eile tá claonadh acu i dtreo na Rúisise.
Ní rachaidh mé isteach go mion sna cúiseanna gur mar seo atá seachas a rá go bhfuil go leor baint aige leis an Úcráin a bheith ina hiarchoilíneacht d’impireacht na Rúise (a rinne tréan-iarracht deireadh a chur lenár dteanga agus ár gcultúr) agus ina hiarchoilíneacht de chuid an Aontais Shóivéadaigh.
Aontas de mhórán stát eitneach ab ea an tAontas Sóivéadach go teicniúil, agus soiscéal an comhionannais agus an iolrachais eitnigh a bhíodh aige. Ach i ndáiríre ba é an rud ‘caighdéanach’ a bheith i do Rúiseach. Cinnte d’fhéadfá ionannú mar Úcránach nó mar Sheoirsiach, ach dá ndéanfá sin chaithfeá cur suas le bheith áirithe mar (a) údar grinn nó (b) tréatúr don Chumannachas, náisiúntóir agus duine nach bhféadfaí muinín a chur ionat agus ar ghá tú a scrios. Ach má rinne tú ionannú mar Rúiseach, má d’fhoghlaim tú an teanga agus má fuair tú réidh le do blas cainte ‘aisteach’ féin, gach seans go mbronnfadh an córas buntáiste ort. Bhí eitneachtaí eile ‘ait’, ‘míshibhialta’ nó ‘náisiúnach agus dainséarach’ ach samhlaíodh Rúisigh mar…. bhuel, ‘gnáthdhaoine’. An saghas ‘ceart’ daoine.
Múineadh Rúisis do pháistí scoile i ngach cúinne den Aontas Sóivéadach agus bhí sé éigeantach an teanga a fhoghlaim. Bhí sé roghnach teanga náisiúnta na poblachta a fhoghlaim, agus roghnaigh a lán tuismitheoirí gan a bpáistí a chur chuig na ranganna sin. Ba í an Rúisis an t-aon teanga a bhí ort a fhoghlaim chun go n-éireodh leat san Aontas Sóivéadach. Agus mar sin tá teaghlaigh againn a labhair an Úcráinis go dtí cúpla glúin ó shin ach a d’fhoghlaim le breathnú orthu fhéin mar chainteoirí Rúisise go príomha.
Bhí na steiréitíopaí faoi theangacha neamhRúiseacha a bheith ‘aisteach’ agus a beith bainteach le tuathánaigh i réim i bpopchultúr an Aontais Shóivéadaigh, agus dar ndóigh mheall sin daoine eile chun Rúisis a fhoghlaim agus dearmad a dhéanamh ar theanga a seantuismitheoirí.
Mar sin cad faoin Úcráin sa lá atá inniu ann? Bhuel, tá Rúisis ar ár dtoil ag a lán againn. Breathnaíonn cuid againn uirthi mar ár bpríomhtheanga cé gur athraigh sé sin do roinnt daoine ó thús an chogaidh. Tá daoine eile a thuigeann í ach nach mothaíonn ar a gcompord á húsáid. Ach tá eolas ag nach mór gach éinne ar an Úcráinis. Teanga oifigiúil na tíre í ó 1991, is í sin an teanga a fhoghlaimíonn muid ar scoil, an teanga ina mbíonn cáipéisí oifigiúla, an teanga ina mbíonn scrúduithe iontrála ollscoile agus mar sin de. Dar ndóigh, don chuid is mó againn, tá tábhacht níos mó fós ná sin ag baint léi.
Is í teanga ár seantuismitheoirí í agus an teanga a ndearna an Rúis iarracht í a scrios, iarracht ar theip uirthi. Ach tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfoghlaimímid ar scoil agus ar an ollcsoil í agus is fiú béim a chur ar an bpointe sin mar léiríonn sé go bhfuil sé nach mór dodhéanta feidhmiú mar dhuine fásta san Úcráin gan Úcráinis a bheith ar eolas agat. D’fhéadfadh gur fearr leat Rúisis a úsáid i do shaol laethúil mar go bhfuil cleachtadh agat uirthi nó go gceapann tú go bhfuaimníonn tú beagáinín ait nuair a labhraíonn tú an Úcráinis, ach murar díograiseoir Sóivéadach nócha bliain d’aois thú a rinne cinneadh d’aon ghnó gan Úcráinis a fhoghlaim riamh le teann oilc, is cinnte go mbeidh an Úcráinis ar eolas agat.
Agus ní mhaireann cainteoirí Úcráinise agus cainteoirí Rúisise i bpobail éagsúla. (Bhí alltacht orm a fháil amach gurb é sin a shamhlaíonn a lán daoine lasmuigh den Úcráin). Tuigeann gach duine a chéile agus bíonn daoine ag dul ó theanga go teanga ag brath ar an suíomh agus an comhluadar. Go deimhin, ní annamh go bhfeictear teaghlaigh ina bhfuil tuismitheoir amháin ag labhairt níos mó Rúisise ach gur fearr leis an tuismitheoir eile úsáid a bhaint as an Úcráinis. Tá cairde agam a bhfuil cinneadh déanta acu gur mian leo níos mó Úcráinise a úsá
id ina saol laethúil, nó cairde ar cainteoirí Rúisise de ghnáth iad ach a chasann ar an Úcráinis nuair atáimid i gcomhluadar a chéile mar go bhfuil a fhios acu go bhfuilimse níos mó ar mo chompord ag labhairt in Úcráinis.
Tríd is tríd, is scéal casta é, agus nílim tar éis dul isteach ródhomhain sa dinimic pholaitiúl a bhaineann leis. Ach má tá rud amháin le foghlaim ón alt seo, tá súil agam gurb é an méid seo é: níl polasaí teanga na hÚcráine ag cruthú geiteonna de chainteoirí bochta Rúisise a bhfuil cos ar bolg á himirt orthu agus a bhfuil iachall á chur orthu breathnú ar scannáin in Úcráinis in ainneoin nach dtuigeann siad an teanga. An aidhm atá lenár bpolasaí teanga ná seans maireachtála a thabhairt don Úcráinis agus tearmann a chruthú di ionas nach mbáfaidh meáin chumarsáide na Rúise í agus ionas nach scriosfar an dul chun cinn atá déanta againn. Deirtear liom go bhfuil tuiscint éigin ag pobal na Gaeilge air sin go léir.
Iriseoir as an Úcráin í Oleksandra Povoroznyk atá ina heagarthóir ar an suíomh cultúir https://vertigo.com.ua/