Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-cuntas-netflix,-nowtv,-prime-agus-disney+-agam-agus-nil-fail-agam-fos-ar-‘bridget-jones’

Tá cuntas Netflix, NowTV, Prime agus Disney+ agam agus níl fáil agam fós ar ‘Bridget Jones’

| aifric ni scolai | ,

I rith na paindéime a fuair an teach s’againne Netflix den chéad uair. Roimhe sin, ba trí bhoscraí a cheannacht agus trí “watch movie free online” a chuartú ar líne a bhreathnaigh muid ar chláracha agus scannáin nach raibh fáil orthu ar an teilifís.

Game of ThronesBreaking BadSherlock Holmes, chuile cheann beo a raibh rath orthu sna blianta sin tá siad ar DVD fós againn (agus tá seilf iomlán dá chuid féin ag DVDanna Grey’s Anatomy). 

Níor oibrigh an t-idirlíon sa seomra suite, mar sin níorbh fiú dúinn cuntas Netflix a bheith againn. Níor chuir sé sin isteach orainn mórán. Is éard is mó a chuir isteach orainn ná an seinnteoir DVD. Bhriseadh sé an t-am uilig, scríobadh sé an diosca nó thosaíodh torranacha aisteach uaidh i lár scannáin. Fuair muid ceann nua den déanamh céanna ach ní raibh sé i bhfad sula raibh na fadhbanna céanna arís againn leis. (D’oibrigh mise amach nuair a thosaíodh an diosca ag scipeáil go n-oibreoidh an seinnteoir arís dádtabharfá buille breá láidir dó, ach níl a fhios agam ar thaitin an cleas sin mórán le mama). 

Is é an réiteach a bhí againn air ná PlayStation mo dheartháireacha a thógáil amach as pé poll ina raibh sé stóráilte,  dusta a ghlanadh de agus é a shacadh isteach sa mballa. B’fhearr i bhfad an jab a rinne an PlayStation céanna, agus é scór blianta d’aois faoin am seo, ná seinnteoir ar bith. 

Ach ní raibh aon zapper againn don PhlayStation – pian sa tóin nuair is cláracha teilifíse Danmhargacha is mó ar ar a bhreathnaigh mo thuismitheoirí agus ní rabhadar in ann na fotheidil a úsáid. 

Ina dhiaidh sin uilig, b’éigean theacht ar bhealach nua le breathnú ar scannáin. Bhí an séasúr nua de 10 pour cent (Call my Agent) le fáil ar Netflix agus cheannaigh Deaide cuntas teaghlaigh dúinn uilig. 

Ní raibh sé de am agam breathnú ar Tiger King ná Normal People nuair a bhí chuile dhuine beo ag breathnú orthu in 2020, mar go raibh catch up uafásach le déanamh agam ar chuile ní eile nach raibh feicthe fós agam. 

Anois tá teacht agam ar Netflix, NowTv, Prime Video agus Disney+. Agus fós níl mé in ann breathnú ar Bridget Jones. Bhíodh sé ar DVD againn sa mbaile (agus tá mé cinnte go raibh cúpla cóip againn de fiú) ach anois…aon uair a chuartaím scannán anois ar líne, níl sé ar fáil. 

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil Netflix ag cailleadh airgid.

Dá bhrí sin, tá Netflix ag iarraidh rudaí a athrú. Chuile short, shílféa, le daoine a bhrú uathu. Níl cead do phasfhocal a roinnt. Praghasanna an chuntais á n-ardú. Ag cur dhaoine ó dhorais atádar leis an straitéis seo. 

Is é an plean is deireanaí atá ag Netflix ná cuntas níos saoire a chur ar fáil – ach fógraí teilifíse a bheith ann. Feicfidh muid cén chaoi a n-oibreoidh leis an gceann sin. 

Níos mó