Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
a-hairi-rialtais-ceaptha-ag-truss-agus-gan-aon-fhear-geal-sna-hoifigi-stait-is-sinsearai

A hairí rialtais ceaptha ag Truss agus gan aon fhear geal sna hoifigí stáit is sinsearaí

| Tuairisc.ie | ,

Den chéad uair riamh níl fear geal ina aon cheann de cheithre mhór-oifig stáit na Breataine – an príomh-aire, seansailéir an státchiste, an rúnaí gnóthaí eachtracha agus an rúnaí baile.

D’fhógair Liz Truss, Príomh-Aire nua na Breataine, a hairí rialtais aréir agus, mar a bhí á thuar, Kwasi Kwarteng, James Cleverly agus SuellaBraverman a cheap sí sna trí phost is sinsearaí.

An Rúnaí Gnó Kwasi Kwarteng, cara mór de chuid Truss, a ceapadh ina seansailéir, James Cleverly a thiocfaidh i gcomharbacht ar bpríomh-aire nua mar rúnaí gnóthaí eachtracha agus is í Suella Braverman, an t-ard-aighne, an rúnaí baile nua.

Tugadh bata agus bóthar do Shailesh Vara, Státrúnaí an Tuaiscirt, agus Chris Heaton-Harris a roghnaíodh ina áit. Bhí Heaton-Harris ina aire gnóthaí Eorpacha agus roimhe sin ina a aire iompair. Bhí sé go mór son an Bhreatimeachta agus iarchathaoirleach é ar an European Research Group, grúpa Eoraisceipteach na dTóraithe.

Ceapadh iar-státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis, a d’éirigh as le linn na hagóide in aghaidh Boris Johnson i mí Iúil, ina rúnaí dlí agus cirt.

Dúirt Lewis in 2020 gur sháraigh an bille a d’fhoilsigh an rialtas i leith mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe an dlí idirnáisiúnta ar bhealach “sonrach agus teoranta”.

Chuir an bháisteach moill le céad óráid Truss mar phríomh-aire ó Shráid Downing tráthnóna.

Gheall sí ina caint go dtabharfadh sí isteach ciorruithe cánach agus go ndéanfaí gníomh láithreach chun dul i ngleic leis an an ngéarchéim fuinnimh. Chinnteofaí chomh maith, a dúirt sí, go bhfaigheadh daoine an cúram atá uathu ón NHS.

“Tá muinín agam go n-éireoidh linn an stoirm a shárú,” a dúirt sí.

Níor luaigh Truss beag ná mór ina hóráid Prótacal Thuaisceart Éireann.

Cheap Banríon Shasana Liz Truss ina Príomh-Aire tráthnóna inné.

Is í Truss, a bhíodh den tuairim tráth den saol gur cheart deireadh a chur leis an monarcacht, an 15ú príomh-aire ó corónaíodh an Bhanríon Eilís II.

Is í Truss an ceathrú príomh-aire le sé bliana anuas, agus an ceathrú ceann ó na Tóraithe.

Ceann de na dúshláin is mó atá roimpi ná an scoilt mhór atá ina páirtí, atá go mór chun deiridh sna pobalbhreitheanna.

Daoine a bhí an-dílis di féin a cheap Truss sa chomh-aireacht den chuid is mó agus fuair sí réidh le haon duine nár thacaigh léi.

Rinne an Taoiseach Micheál Martin comhghairdeachas le Truss inné agus dúirt sé go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú léi. Bhí súil aige leis, a dúirt sé, go bhféadfaí “leas a bhaint as an tréimhse romhainn” chun teacht “ar chomhaontú” faoi “na ceisteanna” a bhain le cur i bhfeidhm an Phrótacail don Tuaisceart.

Ag labhairt dó le hiriseoirí ina dhiaidh sin, shéan Michéal Martin go raibh sé soineanta a bheith ag súil le feabhas ar an gcaidreamh Angla-Éireannach agus an té a bhrúigh chun cinn an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt anois ina príomh-aire.

Beidh polaiteoirí agus lucht taidhleoireachta in Éirinn ag éisteacht go cáiréiseach le Truss as seo go ceann cúpla lá féachaint an dtabharfaidh sí aon leid faoina bhfuil i gceist aici a dhéanamh faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Chuirfeadh an reachtaíocht a bhrúigh sí féin chun cinn deireadh go haontaobhach le go leor den phrótacal, an comhaontú a rinne an tAontas Eorpach le Rialtas na Breataine chun teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann.

Má tá rún ag Truss i gcónaí an reachtaíocht chonspóideach a thabhairt isteach d’fhéadfadh go dtógfadh sé tamall uirthi agus go leor i dTeach na Tiarnaí atá ina coinne.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh sí feidhm a thabhairt d’Alt 16 den phrótacal, gníomh a chuirfeadh stop le go leor de na seiceálacha ar earraí a sheoltar as an mBreatain go dtí an Tuaisceart.

Más mian léi feidhm a thabhairt d’Alt 16 níl ag Truss ach go dtí an 15 Meán Fómhair chun sin a dhéanamh.

Níos mó