Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
easpag-de-bhunadh-na-gaeltachta-pairteach-i-sochraid-bhanrion-shasana-inniu

Easpag de bhunadh na Gaeltachta páirteach i sochraid Bhanríon Shasana inniu

Tá fear de bhunú Chonamara i measc na mball den chléir a bheas páirteach inniu i searmanas sochraide Bhanríon Shasana, Éilis II, i Mainistir Westminster i Londain.  De bhunadh na Gaeltachta an tEaspag Mark O’Toole atá ina Ard-Easpag ar dheoise Caerdydd agus Mwynglawdd sa mBreatain Bheag a bheidh i measc na gceannairí eaglasta ón mBreatain Bheag a bheas páirteach i searmanas na sochraide

Is as ceantar na nOileán i gConamara do thuismitheoirí an Easpaig – Marcus Chóilín Choilm O Tuathail as Leitir Caladh agus Máire Mháirtín Larry Nic Dhonncha as An Máimín, Leitir Móir. I Londain a chaith siadsan formhór a saoil agus is ansin a thóg siad a gclann. In Southwark a rugadh Mark O’Toole i 1963.

I nOrd na Seirbhíse do shochraid mhór an lae inniu tá Mark O’Toole ainmnithe sa liosta den chléir ón mBreatain Bheag a bheas páirteach sa mhórshiúl a bheidh ann sula dtabharfar cónra na Banríona isteach i Westminster Abbey.

I mí an Mheithimh i mbliana a rinneadh insealbhú ar Mark O’Toole mar Ard-Easpag ar Caerdydd agus tá sé anois ar an Easpag Caitliceach is sinsearaí sa mBreatain Bheag. Roimhe sin bhí sé ina Easpag ar Plymouth i gCorn na Breataine agus sular ceapadh ina Easpag é bhí sé ina rúnaí ag Ard-Easpag Westminster, An Cairdinéal Cormac Murphy O’Connor. Chaith sé seal freisin i gceannas ar choláiste traenála sagart Allen Hall in Chelsea, Londain.

Bhí cúram suntasach ar Mark O’Toole nuair a bhí sé ina rúnaí ag an gCairdinéal in Westminster mar gurb é a thug teagasc d’iar-phríomhaire na Breataine Tony Blair nuair a bhí seisean ag ullmhú le hiompú ina chaitliceach.

Nuair a thug Rí nua na Ríochta Aontaithe, Séarlas II cuairt ar Caerdydd na Breataine Bige Dé hAoine seo caite bhí an tEaspag Mark O Toole i measc na gceannairí eaglasta a chas leis i gCaisleán Caerdydd. Go deimhin ba é O’Toole a chuir an Rí in aithne de thoscaireacht na heaglaise ag an bhfáiltiú. Tá míreanna físe den ócáid le feiceáil ar na meáin shóisialta agus an bheirt ag caint agus ag comhrá le chéile. Is cosúil nárbh é seo an chéad uair ár chas an tEaspag le Séarlas mar go bhfuil sé le cloisteáil ag meabhrú don Rí gur chasadar le chéile cheana i mí Iúil.

Tugann an tEaspag Ó Tuathail cuairteanna rialta ar cheantar na nOileán agus ar Chonamara áit a bhfuil cuid mhaith gaolta aige. Léigh sé aifreann i Séipéal Thír an Fhia ó am go ham.

Bhásaigh a athair, Marcus Ó Tuathail roinnt blianta ó shin agus tá sé curtha i Reilig an tSean Bhaile i Leitir Mealláin. Bhí an Cairdinéal Murphy O’Connor i láthair ag an tsochraid i Séipéal Thír an Fhia ag an am. I Londain atá cónaí ar mháthair an Easpaig ach caitheann sí tréimhsí rialta i gceantar na nOileán i gcónaí.

Níos mó