Maraíodh coimeádaí síochána de chuid na hÉireann sa Liobáin aréir nuair a rinneadh ionsaí ar an gconbhua a raibh sé ann.
Tá fiosrúchán ar bun faoin “eachtra thromchúiseach” inar ionsaíodh dhá fheithicil armúrtha ina raibh ochtar Éireannach ar fad iontu. Bhí na hÉireannaigh ar dualgas do na Náisiúin Aontaithe agus iad ag dul óna gcampa go dtí Beirut nuair a tosaíodh ag lámhach orthu le mionairm. Ag 11.15pm a tharla an eachtra, 9.15pm, am na hÉireann.
Tugadh ceathrar a bhí sa chonbhua go dtí Ospidéal Raee Hospital atá timpeall 43 ciliméadar ó Beirut.
Nuair a bhain siad an t-ospidéal amach, fógraíodh go raibh duine de na saighdiúirí marbh. Tá saighdiúir eile gortaithe go dona agus tá mionghortuithe ag cur as don bheirt eile.
Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann an Leifteanantghinearál Seán Clancy gur baineadh “creathadh” as lucht an airm agus go raibh “an-brón” orthu faoin “tragóid” inar maraíodh duine dá gcoimeádaithe síochána.
Ag smaoineamh ar mhuintir agus ar chairde an saighdiúra agus na saighdiúirí eile ón 121ú Cathlán Coisithe a bhí Óglaigh na hÉireann, a dúirt an Leifteanantghinearál Seán Clancy.
Dúirt sé gur oíche “chrua dhorcha” a bhí san oíche aréir.