Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
ta-go-leor-imreoiri-ann-nach-bhfuil-ag-fail-deiseanna-ag-an-leibheal-is-airde

Tá go leor imreoirí ann nach bhfuil ag fáil deiseanna ag an leibhéal is airde

| jeff neville | ,

Is í aidhm gach aon chóitseálaí a ndícheall a dhéanamh ionas go mbeidh imreoirí ag foghlaim agus ag feabhsú. Ag an bonnleibheál, tá siad ag iarraidh an cluiche a mhíniú agus na scileanna a thaispeáint agus ansin na scileanna sin a fhorbairt. Leanann an próiseas sin ar aghaidh go dtí an leibhéal proifisiúnta agus ar ndóigh an leibhéal idirnáisiúnta. Ach uaireanta is iad na himreoirí maithe seo nach dteastaíonn ón gcóitseálaí idirnáisiúnta na cinn is luachmhara. 

Tá go leor imreoirí in Éirinn faoi láthair nach bhfuil ag fáil deiseanna ag an leibhéal is airde. Smaoineamh faoi Gavin Coombes, Nick Timoney, agus Conor Oliver. Más rud go n-ainmneofar iad mar líne chúil na hÉireann amárach, ní féidir gearrán nach raibh an deis sin tuillte acu. Ach, ar an drochuair dóibhsean, ní roghnaítear iad go minic (nó in aon chor) don fhoireann idirnáisiúnta, agus bíonn siad ar fáil níos minice don chúige.

Déanann na h-imreoirí seo formhór na hoibre i rith an tséasúir do chúigí mar go mbíonn fáil orthu. Cuir i gcás nascairí na tíre agus an difríocht atá eatarthu i dtaobh am imeartha de. Agus é seo á scríobh agam, d’imir James Ryan ocht gcluiche do Laighin (d’imir sé 468 nóiméad dóibh ar an iomlán). Is imreoir iontach é agus dá mbeadh cluiche ceannais ag Laighin amárach, thosódh sé. Ach mar gheall go mbíonn sé ag imirt d’Éirinn (gan trácht a dhéanamh ar an am a bhaineann le sin roimh agus tar éis na gcluichí), níl an fáil céanna air is atá ar Ross Molony, a d’imir 727 nóiméad do Laighin i mbliana cheana féin.

Feicimid an difríocht chéanna idir Jonathan Sexton agus Ross Byrne. Is é Sexton an t-imreoir is tábhachtaí in Éirinn faoi láthair, ach níl ach cúig chluiche imeartha aige do Laighin go dtí seo (in aghaidh Uladh, Sharks, na Mumhan, Gloucester, agus Chonnacht). I gcomparáid leis sin, tá dhá chluiche dhéag imeartha ag Ross Byrne do Laighin. 

Anuraidh, d’imir Byrne 1,224 nóiméad do Laighin; níor imir Sexton ach 592. Bhí éileamh ar sheirbhísí Sexton don fhoireann náisiúnta, agus fágadh Byrne chun Laighin a stiúradh. Cé acu a bhí níos tábhachtaí don chúige anuraidh?

Ach ní leantar an patrún sin i gcónaí agus is iad Tadhg Beirne agus Andrew Porter samplaí dó seo. Faoi láthair, tá 697 nóiméad imeartha ag Tadhg Beirne don Mhumhain. Níor ceapadh go raibh an méid sin aige, ach tá. Ar an lámh eile de, tá go leor ráite faoi Jean Kleyn le déanaí agus an spleáchas atá ag an Mumhain air, ach níl ach 680 nóiméad imeartha aige (bhí sé gortaithe ar feadh cluiche nó dhó, cinnte, ach d’imir Beirne trí chluiche d’Éirinn i mbliana freisin). Cé gur imir Beirne ag uimhir a sé in aghaidh na Bulls, bhí sé lonnaithe sa dara ró d’formhór an rugbaí a d’imir sé.

Agus gan dabht ar bith, tá Laighin chomh spleách ar Andrew Porter is atá Éire faoi láthair. Tá deich gcluiche imeartha ag Porter ag Laighin go dtí seo (d’imir sé 519 nóiméad san iomlán go dtí seo). Chonaiceamar an difríocht a dhéanann sé nuair a tháinig sé ar an bpáirc in aghaidh Uladh ag an Nollaig. Is é Cian Healy an chéad rogha eile. Tá 227 nóiméad imeartha ag Cian Healy as deich gcluiche, ach níor thosaigh sé ach i dtrí cinn den deich gcluiche sin. Is é Ed Byrne an tríú rogha. Tá ocht gcluiche imeartha ag Ed Byrne agus thosaigh sé leath dóibh sin (tá 303 nóiméad imeartha aige go dtí seo i mbliana). 

Nuair a thosaigh an URC arú-anuraidh, bhí sé mar aidhm acu na cluichí a imirt nuair nach raibh cluichí idirnáisiúnta ar siúil. Dúradh go gcuirfeadh sé seo níos mó brú ar na cúigí agus go mbeadh i bhfad níos mó iomaíochta idir na foirne. Tá sé sin le feiceáil anois, cinnte. 

Níos mó