IMBOLC – Féile Cheoil Idirnáisiúnta
IMBOLC – Féile Cheoil Idirnáisiúnta
@ Cultúrlann Uí Chanáin
FestivalTá féile cheoil idirnáisiúnta IMBOLC ar cheann de bhuaicphointí cultúrtha na bliana san Iarthuaisceart, agus ar cheann d’fhéilte ceoil na hÉireann. Tá clú ar an fhéile ní hamháin as léirithe a chur i láthair in atmaisféar iontach ó phlúr na n-ealaíontóirí as tíortha éagsúla, ach as a bheith ag tacú fosta le tallann úr a thabhairt chun stáitse in éagsúlacht seánraí. Déanann an fhéile ceiliúradh ar gach gné den traidisiún, ar a n-áirítear éagsúlacht shaibhir cheol tíre ón cheol dúchasach go dtí an ceol is úire.
Leanann an fhéile uirthi ag tógáil ar an obair rathúil go dtí seo chun pobal ionchuimsitheach ceoil a chruthú ina bhfuil fáilte roimh an éagsúlacht agus ina dtugtar tacaíocht don oiread daoine agus is féidir a bheith páirteach i saol an cheoil, agus ina gcuirtear an ceol chun cinn i measc páistí, daoine óga agus teaghlach, chomh maith le himeachtaí ceoil ar leith do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Tá an fhéile bródúil as na coimisiúin cheoil shaindeartha atá curtha ar fáil aici, i gcomhpháirt le réimse leathan cumadóirí cumasacha. Tugann an ceol úrchruthaithe seo deis don lucht éisteachta agus don lucht féachana saothar úr a aimsiú agus a bhlaiseadh, chomh maith le deis do cheoltóirí óga a gcruthaitheacht cheoil a fhiosrú.
Dá bhrí sin uilig, is é atá i bhFéile Cheoil Idirnáisiúnta IMBOLC ná eispéireas ceoil agus cultúrtha den chéad scoth.
Faigheann Féile Cheoil Idirnáisiúnta IMBOLC tacaíocht fhlaithiúil ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.
Tuilleadh eolais anseo.