Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-didhaonnu-a-dheanamh-ar-mhuintir-na-hucraine-ar-chuis-soileir…

Tá dídhaonnú a dhéanamh ar mhuintir na hÚcráine ar chúis soiléir…

Tá sé íorónta go dtagann an bréagnú is éifeachtaí ar a lán de na hargóintí frith-Úcránacha a chualathas ó thráchtairí áirithe san iarthar ó bhéal lucht ceannais agus bolscairí na Rúise.

Tá sé soiléir anois go bhfuil brí an-difriúil ag an bhfocal ‘Naitsíoch’ de réir mar a úsáidtear é i reitric oifigiúil na Rúise ón bhrí atá le ‘Nua-Naitsíoch’ nó ‘Naitsíoch’ san iarthar.   Is éard is ‘Naitsíoch’ ann i reitric na Rúise ná duine ar bith a chreideann go bhfuil sé de cheart ag an Úcráin maireachtáil mar stát agus náisiún neamhspleách ón Rúis, duine ar bith atá ag iarraidh féiniúlacht shainiúil Úcránach a chaomhnú agus a fhorbairt, duine ar bith i bhfocail eile atá i gcoinne aidhmeanna na Rúise san Úcráin.

Ag tús an ionraidh chreid Putin agus lucht ceannais na Rúise nár ghá ach éilít bheag Náisiúnach a dhíothú chun an fhéiniúlacht ‘shaorga’ Úcránach a mharú. Ach nuair a sheas gnáthmhuintir na hÚcráine an fód ar son a dtíre b’éigean an catagóir de ‘Naitsithe’ a leathnú de réir a chéile.  I mí Iúil mar shampla mhol tráchtaire ar theilifís stáit na Rúise gur chóir don Rúis ‘an cheannasaíocht Naitsíoch iomlán a mharú, ní hamháin Zelensky agus a chairde, ach an Verkhovna Rada (parlaimint) agus an rialtas iomlán…’

Putin’s spokesman Dmitry Peskov claimed that Russia’s war is not against the Ukrainian people, but against their government. Propagandists on state TV continued that train of thought, urging Russia’s military to kill the entire Ukrainian government, including President Zelensky. pic.twitter.com/53XQfAhnPN

— Julia Davis (@JuliaDavisNews) July 13, 2022

Faoin bhfómhar agus fórsaí na Rúise á mbrú siar ag na hÚcránaigh bhí an líon daoine ba ghá a mharú ag méadú.  Bhí an teachtaireacht seo do na hÚcránaigh  ag iarcheannaire ‘Daonphoblacht Donetsk’ Pavel Gubarvev ar theilifís stáit na Rúise:   ‘Maróimid an oiread agaibh agus is gá dúinn.  Maróimid milliún, nó cúig mhilliún.  Is féidir linn sibh ar fad a dhíothú go dtí go dtuigeann sibh go bhfuil Sátan istigh ionaibh agus go gcaithfear sibh a leigheas.’

Tá sé deacair an argóint a dhéanamh gurbh í príomhaidhm na Rúise san Úcráin cainteoirí Rúisise a chosaint nó bac a chur ar leathnú NATO nuair atá siad féin ag rá go neamhbhalbh gurbh í an sprioc atá acu ná stát, náisiún agus féiniúlacht na hÚcráine a dhíothú agus cumhacht agus tionchar impireacht na Rúise/An Aontais Shóivéadaigh a athshlánú.  Mar a dúirt duine de na craoltóiri is mó le rá ar mheáin stáit na Rúise Sergey Mardan i mí na Samhna: ‘Ba impireacht í an Rúis, is impireacht í an Rúis, ní féidir leis an Rúis ach a bheith ina himpireacht.  Is náisiún míleata í impireacht agus caithfidh impireacht troid ó am go ham.  Caithfidh sí na barbaraigh atá timpeall uirthi a cheansú.’

An rud eile ba chóir a bheith soiléir faoin am seo d’éinne atá ag tabhairt aird ar chúrsaí an chogaidh, ná nach é amháin go bhfuil sprioc chinedhíothach ag an Rúis i leith náisiún na hÚcráine, nó nach é amháin gurb ionann ‘Naitsíoch’ agus duine ar bith a chuireann i gcoinne na haidhme sin, ach gur cuid lárnach den dioscúrsa cinedhíothach é an lipéad ‘Naitsithe’ a chur ar na daoine atá le díothú.

Pavel Gubarev, Russia’s “DPR” figure in Donetsk, states their intent towards Ukrainians: “We aren’t coming to kill you, but to convince you. But if you don’t want to be convinced, we’ll kill you. We’ll kill as many as we have to: 1 million, 5 million, or exterminate all of you.” pic.twitter.com/tgQAuyM4Sp

— Julia Davis (@JuliaDavisNews) October 11, 2022

Úsáideann gach feachtas cinedhíothaithe lipéadú chun dídhaonnú a dhéanamh orthu siúd atá le cinedhíothú.  Thug Hútaigh a bhí páirteach sa chinedhíothú i Ruanda ciaróga dubha ar na Tútsaigh.   Thug na (fíor-) Naitsithe Francaigh ar na Giúdaigh.  An tseift ‘Naitsíoch’ a thabhairt ar aon Úcránach a chuireann i gcoinne na Rúise a ghríosaíonn gnáth-Rúisigh chun fuath a bheith acu do mhuintir na hÚcráine, chun iad a chéasadh, a éigniú agus a mharú.  Ní haon chomhtharlúint é go bhfuil neart tagairtí sna cuntais a thug finnéithe in Bucha agus áiteanna eile de shaighdiúirí Rúiseacha a chuir sibhialtaigh chun báis a bheith ag maíomh gur ar thóir ‘Naitsithe’ a bhí siad.   Tuairiscíodh gur mharaigh na Rúisigh éinne a raibh tatú acu d’armas náisiúnta na hÚcráine nó siombailí náisiúnacha eile.

Dar ndóigh tá fíor-Nua-Naitsithe san Úcráin, mar atá sa Ghearmáin, san Ostair, san Iorua, san iliomad tír eile, an Rúis féin san áireamh.  Ach ní bhfuiar siad riamh 9% den vóta náisiúnta mar a fuair páirtí Nua-Naitsíoch sa Ghréig in 2014.  Go deimhin theip orthu suíochán ar bith a bhaint sa Rada (parlaimint na hÚcráine) sa toghchán deireanach.  Bhí coirpigh agus drochdhaoine eile i measc na milliún Giúdach a maraíodh san Uileloscadh mar atá i bpobal ar bith agus mheasc bolscaireacht na Naitsithe na fíorscéalta seo isteach lena leathfhírinní agus a mbréaga mar chuid dá bhfeachtas chun na Giúdaigh a dhídhaonnú.

Dá mbeadh ráitis Naitsíocha á ndéanamh ag ceannairí rialtais nó míleata (an reisimint Azov san áireamh) nó ag mórmheáin na hÚcráine, ba chóir tuairisciú a dhéanamh air sin – ach níl.

Ar an dtaobh eile den scéal tá ráitis chinedhíothacha á ndéanamh gach lá ag ceannairí rialtais agus míleata sa Rúis.

Tá fórsaí na hÚcráine freagrach as roinnt sáruithe a dhéanamh ar chearta daonna agus ba chóir tuairisciú a dhéanamh orthu sin ach iad a bheith curtha i gcomhthéacs choireanna cogaidh na Rúise atá i bhfad i bhfad níos measa agus níos forleithne.

Ach nuair a dhéanann tráchtairí san iarthar áibhéil faoin Nua-Naitsíochas san Úcráin ag am go bhfuil an ‘Naitsíochas’ á úsáid mar chúis chun na mílte Úcránach a mharú agus a chiapadh, tá siad ag glacadh páirt i ndioscúrsa an dídhaonnaithe agus an chinedhíothaithe i gcoinne mhuintir na hÚcráine.

Agus dar ndóigh úsáideann meáin stáit Rúise samplaí a roghnaíonn siad go cúramach ó na meáin san iarthar chun a chruthú dá bpobal féin go n-aithníonn fiú daoine san iarthar go bhfuil an fhírinne á hinsint acu faoin Úcráin.

Agus muid i lár an chogaidh tá aird mhór ar ghnéithe míleata, polaitiúla agus eacnamaíochta na coimhlinte.  Is mar sin a bhí nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda agus an cogadh san Iar-Iúgslaiv ar bun freisin.  Ach sna blianta amach romhainn tabharfaidh staraithe chun solais uafás iomlán an fheachtais chinedhíothaithe agus beidh cuimhne agus comóradh an uafáis mar chuid bhuan d’fhéiniúlacht náisiúnta stát neamhspleách na hÚcráine.

Tiocfaidh an ghné sin den scéal chun cinn níos mó, mar a tharla le hUileloscadh na nGiúdach agus sléacht Srebernica.  Agus tabharfaidh na glúinte atá le teacht a mbreithiúnas orthu siúd a ghlac páirt go comhfhiosach nó go neamhchomhfhiosach i ndioscúrsa an chinedhíothaithe i gcoinne mhuintir na hÚcráine.

Níos mó