Díospóireacht Idirollscoile
Díospóireacht Idirollscoile
@ Seomra Díospóireachta Mhic Gearail
Lecture / Talk Seachtain na Gaeilge with EnergiaSeo an chéad díospóireacht idirollscoile, maoinithe ag Acadamh na Lianna, i gcomhar le hOifigigh na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile BÁC, agus Coláiste na Tríonóide. Táthar ag súil é a leathnú amach sna blianta atá romhainn.
Díospóireacht ar ábhair leighis a bheas ann, do mhic léinn leighis agus do mhic léinn sna gairmeacha gaolmhara. Tá duaischiste €300.00 i mbliana.
‘Sé teideal an rúin a phléifear ná “Bheadh Córas Iomlán Leighis Phoiblí do chách níos fearr ná an Córas Measctha atá againn in Éirinn faoi láthair”