Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

An lámh atá ag an chuimhne inár dtodhchaí

| Dáithí Anraí |

Michelle Nic Pháidín

Cuireadh ceist orm ar na mallaibh cad é an rud is luachmhaire atá agam agus, gan fiafraí ná fáilte, d’fhreagair cara liom an cheist go cinnte thar mo cheann: “a fón”, ar sí.

D’amharc an té a bhí ag cur na ceiste uaim agus thit ciúnas. Ag an phointe sin, shocair mé féin tabhairt faoin cheist mar cé go bhfuil an fón tábhachtach, ní hé an rud is tábhachtaí. “Mo chuimhne, sin an rud is tábhachtaí liom, agus gach a théann leis.”

Ghríosaigh mo fhreagra smaointe ionam féin i ndiaidh na cainte. Smaoinigh mé ar mo chéad chuimhne, mé istigh a luí, gan ionam ach póirín, agus mé ag amharc ar an dath buí a bhí ar na bláthanna beaga breaca ar mo bhlaincéad. Leis sin thug mé fá deara nasc idir mo chéad chuimhne agus an chéad ghearrscéal a scríobh mé riamh, ‘Baile na mBlaincéad.’ Is iontach an dóigh a bhfágann an t-am atá caite a lorg ar an am atá le teacht.

Cuimhne eile a rith liom ná mé i mo shéasamh ar imeall portaigh, mé ag amharc síos isteach san uisce portaigh, agus eagla orm léim a dhéanamh trasna air. Tháinig m’athair i dtarrtháil orm agus chuir isteach faoina lámh mé agus d’iompair trasna mé. Is cuimhin liom go foill an léim sin agus, cé nach raibh ann ach cúpla soicind, chonacthas domhsa go raibh an léim sin chomh fada le seachtain. Is iomaí uair a smaoinigh mé ar an léim sin ó bhásaigh sé in 2002 agus tugann an smaoineadh sin chun siúil mé suas ar chúl an tí go barr an Ghlasaigh. Éistim le ceol na n-éan agus smaoiním gur sin an ceol céanna a chuimil a chluas agus é ina bheatha.

Is é pictiúr atá ag mo mháthair a thugann an chéad chuimhne ar mo dheirfiúr chun beatha agus is é sin pictiúr domhsa i gcóta beag bán i mo shuí i mbugaí. Ar an lá sin a thóg mo dheirfiúr amach ón bhugaí mé, bháin sí díom mo chuig bróga agus stocaí agus chuidigh liom siúl tríd an fhéar a bhí fluich ar imeall an tí. Déir sise go raibh sí ag iarraidh go mbainfainnse sult as mothúchan an drúchta ar mo chuid cos. Go foill beag agus muid amuigh i mbialann tá an nós céanna aici – má tá rud inteacht blásta aici ar a pláta déanann sí é a roinnt liomsa. Is mór an rud go bhfuil sise ag iarraidh go bhfaighinnse an oiread sásaimh as an bhéile, agus dar ndóigh an saol, agus a fhaigheann sise.

Tá mise deich mbliana níos sine ná mo dheartháir ach an chuimhne is ansa liom faoi ná a lámh bheag ag gabhail thart ar mhéar bheag amháin do mo chuidse agus an ceangal a bhláthaigh i m’ucht an lá sin – chothaigh sé nasc atá eadrainn go dtí an lá atá inniu ann.

Is mór an pháirt atá ag máthaireacha i saol a bpáistí dar ndóigh agus ní eisceacht ar bith mise – is cuimhin liom go foill í ina suí cois tine liom i ndoimhneacht na hoíche ag cuimilt mo chluaise tinne ag iarraidh go bhfaighinnse faoiseamh. Is cinnte go bhfuil leigheas i lámh máthara nach bhfuil tuigbheáil ná léann air.

Ní féidir an chuimhne a lua gan a admhail go bhfuil droch-chuimhní agam fosta. Is cuimhne liom a bheith sna smeachanna nuair a bhí múinteoir feargach liom de dheasca nach raibh a fhios agam focail ‘An Chré’ agus go foill téim i bhfostú sna focail chéanna ar an Aifreann. Tá cuimhne agam ar an té a shíl mé a raibh mé i ngrá leis ag siúl amach le duine eile agus, dá bharr sin, bíonn beag eagla orm i gcúrsaí an chroí – ní laige ar bith sin, seans.

Is mór an rud an chuimhne. Fágann sí a lorg ort agus cuireann sí lámh i do shlí, uaireanta tugann sí an bealach ceart thú agus uaireanta eile cuireann sí casadh i do bhealach nach maith é. Ach tá rud amháin cinnte faoin chuimhne, ní féidir a tionchar a sheachaint.

Níos mó