Tá dráma nua leis an scríbhneoir agus dramadóir aitheanta Gaeltachta Antoine Ó Flatharta á léiriú den chéad uair sa Taibhdhearc anocht.
Bainenn Waltsáil Abhaile, léiriú de chuid Fibín sa Taibhdhearc, le scéal Mhíchíl Mhic Liammóir, an chéad stiúrthóir ealaíne a bhí ag an Taibhdhearc.
Ba aisteoir, scríbhneoir agus fear mór amharclainne de chuid na 20ú haoise é Mícheál Mac Liammóir.
Deir an scríbhneoir Antoine Ó Flathartha, a cheap an sobal Gaeilge Ros na Rún, gur scríobhadh an dráma in omós do “laoch mór na Taibhdheirce” ach go bhfuil léargas sa dráma chomh maith ar a shaol féin.
‘’Cé gur faoi Mhícheál Mac Liammoir atá an dráma seo, is fúm féin atá sé chomh maith. Thosaigh mé amach ag scríobh dráma faoi Mhac Liammoir ach chríochnaigh mé suas ag sleamhnú isteach sa dráma ar bhealaí nach raibh mé súil leis.
“Tarlaíonn sé seo, ar nós ealaíne ar bith a bhfuil fiúntas ann, dar liom. Ach tharla sé níos mó leis an dráma seo ná le aon rud eile dár scríobh mé riamh.”
Dúirt Ó Flatharta, arb as Leitir Mealláin dó i gConamara, gur “óna chroí” a tháinig an t-ábhar agus na téamaí a phléitear sa dráma agus gur mhothaigh sé go raibh “saoirse” aige ag plé leis an dráma nach raibh aige nuair a bhí sé níos óige.
“Tá sé bliana fada ó scriobh mé aon dráma stáitse. Bhí mé óg ansin agus nílim níos mó. Níl mé cinnte go dtagann ciall le haois. Ach go minic, bhféidir, go dtagann saoirse,’’ a dúirt Ó Flatharta.
Cruinniú idir Micheál Mac Liammóir, atá sean agus lag, agus Garda, a thugann Mac Liammóir abhaile leis, i ndiaidh dó oíche a chaitheamh i leithris phoiblí i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Dúirt Stephen Darcy, stiúrthóir Wáltsáil Abhaile gur “turas taibhsiúil” atá sa dráma, a fhiosraíonn “saol rúnda duine de sheoid náisiúnta na hÉireann.”
“Bhí Micheál Mac Liammóir ar dhuine de na haisteoirí agus stiúrthóirí amharclainne is fearr dá bhfaca Éire riamh,” arsa Darcy.
“Chuir obair Mhic Liammóir go mór le saothair amharclannaíochta na hÉireann. Ach bhain mistéir lena ainm agus go deimhin lena chúlra féin. Rugadh i Sasana é agus gan nasc ar bith le hÉirinn aige.
“Fiosraíonn an drámadóir na cúiseanna agus na féidearthachtaí a bhain leis an bpearsanacht iontach seo le linn oíche shamhlaíoch i gcomhluadar Mhic Liammóir,” a dúirt sé.
Caitríona Ní Mhurchú atá i bpáirt Mic Liammóir agus is iad Ben Morris, Caoimhghín Ó hEoghusa agus Dáithí O’Donnell na haisteoirí eile.
Beidh Waltsáil Abhaile á léiriú sa Taibhdhearc ar an 24, 25, 29, 30, agus 31 Márta agus ar an 1 Aibreán ag 8:00pm.
€18 agus €16 atá ar thiceád agus is féidir na ticéid a fháil anseo.