Tá sé i gceist cruinniú rialtais a reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall an mhí seo chugainn.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne an méid sin le fios sa Dáil ar maidin.
Gheall an Taoiseach Leo Varadkar ag deireadh na míosa seo caite go n-eagrófaí cruinniú Rialtais “as seo go ceann dhá mhí” sa Ghaeltacht agus dúirt sé go mbeadh dáta an chruinnithe sin mar sprioc don reachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga.
Dúirt Kyne ar maidin gur dócha gur i nGaeltacht Dhún na nGall mí Iúil a bheidh an cruinniú sin agus thug sé le fios arís go bhfoilseofaí an reachtaíocht teanga nua roimh dheireadh an tseisiúin Dála seo.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil go bhfuil an tAcht Teanga “lag” mar atá agus dúirt sé nach bhfuil “dóthain measa” ag comhlachtaí stáit ar an teanga ná ar a ndualgais ina leith.
Tá os cionn seacht mbliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar an mhí seo caite go raibh “náire” air nach bhfuil an reachtaíocht foilsithe fós. Dúirt sé gurb amhlaidh go méadaíonn ar an náire a bhíonn air seachtain i ndiaidh seachtaine de réir mar a chuirtear ceisteanna sa Dáil faoin mbille.
Bhí ceisteanna á bhfreagairt sa Dáil arís inniu ag Séan Kyne faoin moill leis an reachtaíocht.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur thuig sé go raibh “chuile dhuine ag iarraidh go mbeadh an bille seo foilsithe chomh luath agus is féidir” agus go raibh an obair dhréachtaithe “ag dul ar aghaidh” i gcónaí idir oifigigh a Roinne agus Oifig an Ard-Aighne. Bhí cruinniú aréir féin ag feidhmeannaigh shinsearacha ó Roinn na Gaeltachta le feidhmeannaigh ó Oifig an Ard-Aighne, a dúirt sé.
Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh agus urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil Dara Calleary brú ar maidin ar an aire stáit faoi cheist an Bhille.
Dúirt Ó Snodaigh go raibh “tromaíocht á déanamh ar an nGaeilge ag an státchóras” agus gur chóir maoiniú a choinneáil siar ó chomhlachtaí stáit a dteipeann orthu a ndualgais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.
D’iarr Dara Calleary ar an aire stáit go mbeadh cruinniú aige le urlabhraithe an fhreasúra faoi ábhar an bhille nua sula bhfoilseofaí é ionas nach mbeadh aon ní ann a bheadh ina údar “iontais” ag aon duine agus ionas go bhféadfaí tús a chur láithreach leis an díospóireacht faoin dréachtreachtaíocht.
Dúirt Seán Kyne go gcinnteodh an reachtaíocht nua go mbeadh “ról níos lárnaí ag an nGaeilge i ngnó an stáit”, go mbeadh an teanga “níos feiceálaí” agus go mbeadh seirbhísí i nGaeilge “ar fáil níos leithne”.