Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
craoltoireacht-na-gaeilge-in-‘ait-iontach-maith’-ach-tuilleadh-oibre-le-deanamh-–-cathaoirleach-rte

Craoltóireacht na Gaeilge in ‘áit iontach maith’ ach tuilleadh oibre le déanamh – Cathaoirleach RTÉ

| Padraic O Ciardha | ,

Tá ráite ag cathaoirleach RTÉ go bhfuil a lán oibre déanta le blianta beaga anuas chun líon an ábhair Ghaeilge a chraolann an stáisiún a mhéadú, ach go bhfuil neart eile fós le déanamh.

Agus í os comhair coiste Oireachtais den chéad uair ó ceapadh í mar chathaoirleach ar bhord RTÉ, dúirt Siún Ní Raghallaigh inné go raibh craoltóireacht na Gaeilge in “áit iontach maith” i láthair na huaire agus mhol sí an obair atá á déanamh ag RTÉ, Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Dúirt Ní Raghallaigh gur craoladh “níos mó ná 1,000 uair an chlog” d’ábhar Gaeilge anuraidh ar na ceithre chainéal teilifíse atá ag RTÉ – RTÉ One, RTÉ 2, RTÉ News agus RTÉ jr.

Ardú beagnach deich n-uaire é an figiúr sin ar an 123 uair an chloig de chláir as Gaeilge a craoladh cúig bliana ó shin, in 2017.

“Sílim go bhfuil cinnte neart oibre déanta le roinnt blianta anuas ó thaobh an méid clúdach Gaeilge atá [RTÉ] a choimisiúnú,” a dúirt Ní Raghallaigh, a bhí ina cathaoirleach roimhe seo ar bhord TG4, le Coiste na Meán.

“Tá neart le déanamh, mar aon leis an méid atá le déanamh le cláir Bhéarla, ach tá muid in áit mhaith agus tá sárobair déanta ag TG4, RnaG agus RTÉ féin.”

Cheistigh an Teachta Dála Imelda Munster cathaoirleach RTÉ faoin éagsúlacht idir scálaí pá oibrithe in RTÉ a bhíonn ag obair i nGaeilge agus a bhíonn ag obair i mBéarla.

Tá ráite ag RTÉ cheana go bhfuiltear ag tabhairt faoi athbhreithniú ar ghráid na bpost go léir san eagraíocht agus dúirt Ní Raghallaigh go mbeadh toradh an athbhreithnithe foilsithe níos déanaí i mbliana.

Dúirt Ní Raghallaigh go raibh muinín aici sa phróiseas a bhí ar bun ach níor aontaigh Munster go raibh RTÉ ag iarraidh neamhaird a dhéanamh ar an scéal.

Dúirt Imelda Munster gur “go hiomlán do-ghlactha’ a bhí an neamhréir pá idir daoine a bhí ag déanamh na hoibre céanna in RTÉ.

Ceistíodh Ní Raghallaigh freisin faoin gconspóid a bhain le ceapachán Ard-Stiúrthóir nua ar RTÉ. Fógraíodh ceapachán Kevin Bakhurst, iarcheannasaí nuachta RTÉ, an tseachtain seo ach bhí tuairiscí go leor sna meáin faoin bpróiseas ceapacháin agus faoi David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post, a bheith brúite ar leataobh sa phróiseas.

Dúirt Ní Raghallaigh gur “cinneadh d’aon ghuth” a rinne an Bord Kevin Bakhurst a cheapadh agus gur trua léi gur sceitheadh eolas faoin phróiseas chuig na meáin. Dúirt sí nach bhféadfadh sí tada a dhéanamh faoin scéal anois, áfach.

“Is mór an trua an méid a tharla, ní raibh aon duine ag iarraidh go dtarlódh sin,” a dúirt sí. Dhiúltaigh Ní Raghallaigh ceist a fhreagairt ón Seanadóir Shane Cassells maidir le cén fáth nár éirigh le McRedmond sa phróiseas.

Ina ráiteas don choiste, dúirt Ní Raghallaigh go mbeidh roghanna le déanamh ag RTÉ amach anseo “a bheadh suntasach ó thaobh na straitéise de agus sinn ag smaoineamh i dtólamh ar mhodhanna chun freastal níos fearr ar an lucht féachana agus éisteachta ainneoin srianta airgid.”

Dúirt Ní Raghallaigh nach raibh an táille don cheadúnas teilifíse mar atá ag teacht leis an dóigh a mbíonn daoine ag baint úsáide as na meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann. “Ní mór cinneadh Rialtais agus plean maidir leis an gcóras a leasú a chur i bhfeidhm gan mhoill ionas go gcinntítear   go dtagann na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí slán agus go dtagann borradh fúthu.”

Dhiúltaigh an Rialtas anuraidh glacadh le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh RTÉ á mhaoiniú díreach ón státchiste agus gealladh athchóiriú iomlán a dhéanamh ar chóras an cheadúnais.

Dúirt Ní Raghallaigh go bhfuil daonra na hÉireann róbheag le go bhféadfaí meáin chumarsáide seirbhíse poiblí na tíre a chothú le táille an cheadúnais as féin agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh RTÉ féin “chomh seiftiúil agus chomh cruthaitheach agus is féidir” chun tuilleadh ioncaim a chruthú.

Níos mó