Gearrscéal (Short Story) le Catherine Foley
Gearrscéal (Short Story) le Catherine Foley
@ Leabharlann Dhún Garbhán
Class Arts and EntertainmentAistear trí shéipéal na cruthaíochta a bheidh anseo ina bhfoghlaimeoidh na rannpháirtithe conas forbairt a dhéanamh ar ghearrscéal. Pléifear an dearcadh cruthaitheach atá ag teastáil chun léargas a thabhairt don léitheoir ar ghnéithe éagsúla den saol. Scríobhfaidh na rannpháirtithe le linn na gceardlann seo agus léifear amach os ard torthaí a gcuid oibre. Foghlaimeofar conas inspioráid a láimhseáil. Gheofar sainmhiniú ar conas scéal a chruthú, conas plota, carachtracht, comhrá agus stíl a fheabhsú agus a dhearadh. Déanfar iniúchadh ar cad is téama agus conas gur féidir úsáid a bhaint as na heilimintí phearsanta atá againn go léir agus chuige sin scrúdófar ábhar, struchtúr, téama agus guth an scríbhnora.
Leibhéal: Cúrsa do Thosaitheoirí
Dáta:30 Méan Fómhair
Am: 10.30 r.n.-12.30 i.n.
Fad: 4 Seachtaine ar an Satharn
Suiomh: Leabharlann Dhún Garbhán
Chun iarratas a dhéanamh seol ríomhphost chuig: library@waterfordcouncil.ie le d'ainm, uimhir theagmhála agus seoladh. Tá na cúrsaí seo do dhaoine fásta.Tá an cúrsa seo saor in aisce.
Catherine Foley
Is scríbhneoir cruthaitheach, craoltóir, láithreoir agus scríbhneoir teilifíse agus iriseoir í Catherine. Tá trí leabhar, atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, foilsithe ag LeabhairCOMHAR léi - Sorcha sa Ghailearaí (2003), An Cailín Rua (2004) agus Samhradh an Chéasta (2010). D’fhoilsigh Coiscéim a bailiúchán filíochta, Ag Marú Maicréal, i 2019. Foilsíodh bailiúchán dá colúin raidió agus nuachtán, Cuisle an Chósta, i 2019. Foilsíodh cuimhní cinn léi, Beyond the Breakwater, i 2018. Is iarbhall foirne leis The Irish Times í. Tá an chéad duais buaite aici ag comórtais liteartha éagsúla Oireachtais na Gaeilge – i 2002, 2003, 2016 agus 2020.
Catherine Foley is a writer, journalist and broadcaster. Her three prize-winning Irish-language novellas, are Sorcha sa Ghailearaí (2003), An Cailín Rua (2004) and Samhradh an Chéasta (2010). Her poetry collection, Ag Marú Maicréal, was published by Coiscéim in 2019. Cuisle an Chósta, a collection of her print and radio columns, was published in 2019. Her memoir, Beyond the Breakwater: Memories of Home, was published by Mercier Press in 2018. She is a former staff journalist with The Irish Times. She won first prize for her writing at Oireachtas na Gaeilge in 2002, 2003, 2016 and 2020.