Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
14-teachta-dala-breise-le-bheith-sa-chead-dail-eile,-ceithre-dhailcheantar-nua-le-bunu

14 Teachta Dála breise le bheith sa chéad Dáil eile, ceithre dháilcheantar nua le bunú

| tuairisc | , ,

Tá líon na dTeachtaí Dáil le méadú ó 160 go dtí 174 sa chéad Dáil eile.

Tá an moladh sin san athbhreithniú ar theorainneacha na ndáilcheantar, atá curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag An Coimisiún Toghcháin ar maidin.

43 dáilcheantar a bheidh sa chéad olltoghchán eile seachas 39.

Agus cur chuige coimeádach glactha chucu féin ag an gCoimisiún, is beag athrú atá le déanamh ar na dáilcheantair sna contaetha Gaeltachta. Tá Dún na nGall, Ciarraí agus Port Láirge ar na seacht ndáilcheantar nach bhfuil athrú ar bith le déanamh orthu.

Deir an Coimisiún gurb é an príomhrud a bhí le réiteach i gcás Dhún na nGall ná deireadh a chur le ‘sárú’ na teorann i ndeisceart an chontae, ach measadh sa deireadh nach bhféadfaí sin a dhéanamh mar go mbeadh athrú rómhór ó thaobh daonra i gceist.

Aistreofar toghranna áirithe ó Chorcaigh Thiar Thuaidh isteach i ndáilcheantar Chorcaigh Thuaidh-Lár, ach cuirfear leis toghranna eile ó Chorcaigh Thuaidh-Lár agus Corcaigh Thoir.

Tá an chuid de dheisceart Mhaigh Eo, timpeall ar Bhaile an Róba, a bhí le Gaillimh Thiar sa toghchán deireanach le haistriú ar ais agus suíochán breise le tabhairt do Mhaigh Eo.

Fanfaidh Gaillimh Thiar ina dháilcheantar cúig shuíochán. Beidh suíochán breise i nGaillimh Thoir agus cuid de Gaillimh-Ros Comáin le cur leis.

Tá 19 dtoghroinn, ina bhfuil 9,484 duine, le haistriú ón Mí Thiar, mar a bhfuil Gaeltacht Ráth Chairn, isteach go dtí An Longfort- An Iarmhí. San Iarmhí atá na toghranna atá le haistriú agus fanfaidh an Mhí Thiar ina ndáilcheantar trí shuíochán.

Beidh suíochán breise sa Mhí Thoir, mar a bhfuil Baile Ghib, agus dáilcheantar ceithre shuíochán á dhéanamh de.

I mBaile Átha Cliath a bheidh cúigear den 14 Teachta Dála breise sa chéad Dáil eile. Beidh dáilcheantar nua i mBaile Átha Cliath agus é beartaithe ag an gCoimisiún go ndéanfaí dhá dháilcheantar de Bhaile Átha Cliath- Fine Gall.

Tá dhá dháilcheantar déanta chomh maith de Thiobraid Árann agus de Laois-Uíbh Fhailí.

Dáilcheantair ceithre shuíochán seachas cúig shuíochán a bheidh i gCill Mhantáin agus Loch Garman feasta ach tá dáilcheantar nua cruthaithe an taobh sin tíre, Cill-Mhantáin-Loch Garman.

Méadófar líon na ndáilcheantar trí shuíochán ó naoi go dtí 13 agus líon na ndáilcheantar cúig shuíochán ó 13 go dtí 15. Laghdófar líon na ndáilcheantar ceithre shuíochán ó 17 go dtí 15.

Is fearrde na páirtithe móra an dáilcheantar trí shuíochán mar go mbíonn an cuóta ag 25%. I ndáilcheantar cúig shuíochán, bíonn an cuóta níos ísle ag 16.6%, agus meastar go gcuidíonn sin le páirtithe beaga nuair a bhítear ag fiach ar na suíocháin deiridh lá an chomhairimh.

Tá daonra an stáit seo ardaithe agus breis is 5.1 milliún ina gcónaí sa tír faoi láthair agus faoi mBunreacht ní mór Teachta Dála amháin a bheith againn in aghaidh gach 20,000-30,000 duine sa dáilcheantar.

Faoi láthair níl ach aon dáilcheantar amháin as an 39 dáilcheantar atá againn sa tír nach bhfuil níos mó ná 30,000 duine ann in aghaidh gach Teachta Dála.

Faoi théarmaí an athbhreithnithe seo, bhí de cheart ag an gCoimisiún Toghcháin cur leis an 160 Teachta Dála atá againn faoi láthair – go dtí idir 171-181 Teachta.

Níos mó