Beidh Aisteoirí Chois Fharraige le feiceáil sa Taibhdhearc anocht agus amárach agus dhá léiriú den dráma Big Maggie de chuid John B. Keane á chur ar stáitse ag an gcompántas.
Chuaigh an dráma, atá aistrithe go Gaeilge ag Bridie Ní Churraoin, go mór i bhfeidhm orthu siúd a chonaic é nuair a léiríodh Big Maggie den chéad uair i Seanscoil Sailearna i rith an earraigh.
“Bhí trí oíche againn, Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh,” arsa Eoghan Ó Riada, atá ag léiriú an dráma. “Oíche Dé Domhnaigh, bhí orainn suíocháin bhreise a chur amach mar bhí an oiread sin tóir air agus dá ndéanfaimis cúpla oíche eile, déarfainn nach mbeadh aon stró ann halla a líonadh amach ach an oiread. Tá an-chlú ar Aisteoirí Chois Fharraige i ndáiríre as drámaí maithe a chur ar stáitse.”
Bhí oíche amháin ag lucht an dráma in Áras Éanna in Inis Oírr ó shin agus é anois tugtha go dtí an Taibhdhearc i nGaillimh ag Fíbín.
Tá ardmholadh ag Ó Riada don aistriúchán atá déanta ar shaothar Keane ag Bridie Ní Churraoin, atá i bpáirt Big Maggie sa dráma freisin.
“Bhí sé aistrithe go Gaelainn cheana féin ach Bridie Ní Churraoin as an Trá Bháin, is duine í de na príomhaisteoirí atá againn ach is maith léi féin a bheith ag plé leis an bpeann agus tá saibhreas aisteach aici ón Trá Bháin, ó Ghaeilge na Trá Báine agus an cheantair sin.
“Dhein sí aistriúchán paiteanta [ar an ndráma] i ndáiríre. Bhí sí in ann nathanna cainte a úsáid nár chualathas le blianta fada timpeall na háite seo ach nuair a chloiseann daoine iad, aithníonn siad iad agus bíonn siad ag rá, ‘Sin é mar a déarfadh mo Dhaideo nó mo Mhamó é’. Rinne sé an-jab air.”
Mar sin féin, deir Ó Riada nár chorraigh an scéal é mórán nuair a thosaigh Aisteoirí Chois Fharraige ag obair ar an dráma ag tús 2020 ach gur athraigh sé sin nuair a tháinig an compántas le chéile arís i mbliana.
“Chuamar ag féachaint ar an ndráma seo ar dtús roimis an Covid. Rinneamar cleachtadh amháin leis sular stop gach rud ach, ar chúis éigin, ní rabhthas féin róthógtha leis. Níl a fhios agam canathaobh.
“Nuair a thógamar suas arís é ag tús na bliana seo, bhí athrú aigne orm. Tá mé ag ceapadh gurb é a tharla dom ná, bhí taom croí agam féin cúpla bliain ó shin agus b’fhéidir gur athraigh sé mo dhearcadh ar rudaí mar nuair a phiocas suas arís é, bhí súile difriúil agam ar an scéal.”
Scéal “dubh, dorcha, gruama” atá i Big Maggie, a deir sé, scéal faoi bhean a phós amach as an mbochtanas ach ar éirigh scliúchas idir í agus clann a fir chéile tar éis a bháis.
Mheas Ó Riada gur theastaigh cuid den ghreann sa scéal, áfach, má bhí sé le lucht féachana a mhealladh, go háirithe i gConamara.
“Nuair a thosnaíomar ag gabháil dó, bhíothas ag rá tá sé seo dubh, duairc agus go dteastaíonn rud éigin a dhéanamh chun é a chur in oiriúint do mhuintir Chonamara mar, thar aon rud eile, is maith le muintir Chonamara a bheith ag gáire. Is féidir leat iad a chur ag gol más maith leat ach, by Jesus, déan cinnte go gcuirfidh tú ag gáire iad ina dhiaidh nó ‘beidh sorry ort’, mar a deir siad,” arsa Ó Riada.
“Chuamar ag tóraíocht an ghrinn ann agus fuaireamar é. Tá cuid de atá anois chomh greannmhar le rud ar bith eile. Mar a tharlaíonn sé, duine de na haisteoirí, fuair sé rud nach bhfacthas riamh cheana, spontaneous round of applause istigh i lár radhairc,” arsa an léiritheoir.
Chomh maith leis an dá oíche seo sa Taibhdhearc i nGaillimh, tá an dráma le léiriú freisin in amharclann Ghaoth Dobhair i nDún na nGall agus thíos i mBaile Bhuirne i gCorcaigh. Tá cuireadh faighte freisin ag Aisteoirí Chois Fharraige an dráma a léiriú i Lios Tuathail, fód dúchais John B. Keane.
“Tá cuireadh faighte againn go dtí [amharclann] St John’s thíos i Lios Tuathail ó mhac le John B. Keane, Billy Keane. Tá sé báúil go maith don Ghaeilge, mar a bhí John B. féin,
“Bainisteoir an ionaid thíos, is iníon í le Maggie Polpin, agus bhí sí siúd ag an dráma oíche Dé Domhnaigh [i Scoil Sailearna] agus nuair a chonaic sí é, chuaigh sí ar an bhfón go dtí Billy Keane láithreach agus dúirt sé ‘Bring them on’. Chuir sé an-suim ann mar go raibh sé ag iarraidh an dráma a fheiceáil i nGaeilge.”
Beidh Big Maggie le feiceáil sa Taibhdhearc anocht, Dé hAoine 15 Meán Fómhair, agus amárach, Dé Sathairn 16 Meán Fómhair.
Is féidir ticéid do ‘Big Maggie’ sa Taibhdhearc a fháil ar líne nó glaoch a chur ar 091 399 277