Breis is 11,000 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana.
B’ionann an 11,345 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge agus 16% den 70,727 dalta a fuair torthaí scrúduithe na sraithe sóisearaí inné.
Don dara bliain as a chéile rinne níos mó daltaí scrúdú i gceann d’ábhair roghnacha na sraithe sóisearaí – Tíreolaíocht – ná mar a rinne scrúdú sa Ghaeilge, atá ina hábhar riachtanach.
Maidir leis na croí-ábhair eile, ní raibh ach 853 dalta ann i mbliana nach ndearna scrúdú Béarla don tSraith Shóisearach, nó 1.2% de na daltaí ar fad a rinne na scrúduithe.
1.5% de dhaltaí nach ndearna scrúdú Matamaitice.
Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daltaí gan scrúduithe stáit a dhéanamh, ach meastar go mbíonn díolúine ag timpeall 60% de na daltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge.
2,634 dalta a rinne an scrúdú Gaeilge T1 ag an ardleibhéal agus 142 dalta a rinne ag an ngnáthleibhéal é.
Ba é seo an dara bliain den scrúdú nua Gaeilge do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge. Ardú beag 1.3% a tháinig ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú T1 i mbliana. Tháinig ardú 5% ar líon iomlán na ndaltaí a thug faoi scrúdú na Sraithe Sóisearaí.
Idir ardleibhéal agus ghnáthleibhéal, 56,606 dalta a rinne an scrúdú don chúrsa Gaeilge do dhaltaí scoileanna Béarla na tíre, an scrúdú T2. B’in ardú 4.3% ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú T2 nuair a tugadh isteach é den chéad uair anuraidh.
Ag an ardleibhéal, is mó daltaí T1 ar éirigh leo na marcanna is airde a fháil. D’éirigh le 4% de dhaltaí ardleibhéil T1 an toradh is airde a fháil, sin idir 90-100. B’in méadú ó 3.6% anuraidh.
I gcás an scrúduithe T2, d’éirigh le 3.1% de dhaltaí ardleibhéil an toradh is airde a fháil, i gcomparáid le 2.8% anuraidh.
Sa scrúdú ardleibhéil T1 fuair 23% an dara grád is airde, idir 75-90, i gcomparáid le 20.7% sa scrúdú T2.