Tá Gaeilge Dhún na nGall le cloisteáil i gclár faisnéise faoin sacar a craoladh sa tSualainn an tseachtain seo.
Dhírigh an clár is déanaí sa tsraith Leriga Rötter ar chumann Cheiltigh Dhún Lúiche in iarthuaisceart Dhún na nGall. Bhí lucht déanta an chláir i láthair ag cluiche a d’imir an cumann ar a pháirc féin ag bun na hEaragaile.
Tugadh suntas dó sa chlár gur i nGaeilge a labhraíonn imreoirí na gCeilteach agus iad ag imirt agus rinneadh trácht ar an mbuntáiste a thugann an teanga do na himreoirí toisc nach féidir leis an bhfreasúra ná an réiteoir iad a thuiscint.
Díríonn Leriga Rötter, a chraoltar ar discovery+ sa tSualainn, ar chumainn bheaga sacair ar fud na hEorpa.
Långt upp i nordvästra Irland finns ett fotbollslag som är en familj på riktigt. De talar till och med ett språk som inte motståndarna förstår. På lördagseftermiddagarna spelar de match, för vad skulle de annars göra?
📲 Se första avsnittet av Leriga Rötter på discovery+ pic.twitter.com/D8bDBaHRoF
— discovery+ sport 🇸🇪 (@dplus_sportSE) October 20, 2023