Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
na-daoine-is-boichte-ar-domhan-thios-leis-an-athru-aeraide

Na daoine is boichte ar domhan thíos leis an athrú aeráide

| amy ni riada | ,

Ag féachaint amach as an bhfuinneog, is cosúil le gnáthlá eile in Éirinn i mí na Samhna atá sé – spéir dhorcha, páirceanna báite agus an bháisteach ag spalpadh anuas. Ach, nílim in Éirinn, táim 10,000 ciliméadar thoir theas de m’áit chónaithe, sa Chéinia, agus is é seo an séasúr tirim de ghnáth. Le seachtain anuas, níor stop sé. Gan staonadh. An t-ainm a thugtar ar an bhfeiniméan seo? El Niño.

Ach, nach maith an rud é, a deir tú? Go deimhin, is maith an rud é dos na hainmhithe istigh sna páirceanna agus na poill uisce ag cur thar maoil. Ach, dos na feirmeoirí atá ag iarraidh a mbarra a shíneadh? A mhalairt ar fad. Níl aon bhuntáiste ag baint leis an dtolca trom seo ó thaobh creimeadh talún de – scuabann sí léi an chré atá dóite ag triomach cheana. Tar éis seachtainí ag ullmhú na talún agus ag cur glasraí dúchasacha, tá sé go léir scriosta, agus tá na daoine is boichte ar domhan ag fulaingt dá bharr. Tá sé tuartha ag na saineolaithe go mbeidh sciorrthaí talún idir anois agus deireadh mhí na Nollag.

Cé nach bhfuil an Afraic freagrach ach as beagnach 4% d’astaíochtaí an domhain, is í is mó atá thíos le míbhuntáistí an athraithe aeráide de réir na saineolaithe. Sna slumaí, níl córas draenála le fáil agus caitear uisce bodhar galrach as na tithe le buicéid. Is radharc uafásach é páistí óga ina seasamh in uisce lena mín bhuí don tseachtain, na clocha guail dá gcócaireacht agus a gcamras féin go léir ar snámh timpeall orthu suas go dtí a nglúine.

An rud níos measa fós? Ní dhéantar faic faoi. Tá an bhreabaireacht sa rialtas anseo sa Chéinia ar a buaic. Tá airgead ag imeacht as amharc gach uile sheachtain. I mí Mheán Fómhair, cuireadh 10 mbilliún euro ar fáil chun tuilte a sheachaint ach níl pingin curtha isteach acu sna slumaí. In Kibera, an sluma is mó san Afraic, atá lonnaithe i Nairobi le timpeall dhá mhilliún duine ina gcónaí ann, tá acmhainní bunúsacha á lorg acu anois ionas gur féidir leo córas draenála a thógaint dóibh féin sula gcartfaidh na tuilte a dtithe.

Tá na céadta míle euro caite anseo sa Chéinia ag carthanachtaí éagsúla as Éirinn ach muna gcaitheann daoine cumhachtacha sa tír seo an t-airgead sna háiteanna cearta, is ar charthanachtaí ar an gcéad dul síos a bheidh an fhreagracht, agus, má stopann an t-airgead deonaithe sin, beidh na daoine is boichte ar domhan fágtha go hiomlán ina n-aonar.

The post Na daoine is boichte ar domhan thíos leis an athrú aeráide appeared first on NÓS.

Níos mó