The End Sends Advance Warning
Grianghraif le Todd Hido
Nazraeli Press, a fhoilseoidh sa bhliain 2024
104 lch
80 pláta daite
9 gcárta ar pháipéar ealaíne Kasadaka
Toisí 17x14″
Sceirdiúil ach ní gan dóchas é an leabhar seo. Tírdhreacha ann ó Haváí go dtí an Ciorcal Artach. Is leabhar é seo don bhailitheoir leabhar.
D’fhéadfá seoidleabhair Ghaeilge don bhailitheoir leabhar (ó thaobh na healaíne dhe) a chomhaireamh ar mhéara leathláimhe. Ceann acu ab ea Scéalaíocht na Ríthe le Tomás Ó Floinn, maisithe ag Mícheál Mac Liammóir. Is cuimhin liom go maith an phreab a baineadh asam nuair a chuala mé go bhfuarthas carn díobh sa Roinn Oideachais agus francaigh á gcreimeadh ar a sástacht. Shamhlaíos comhrá eatarthu:
‘Ar bhain tú plaic as Éadoin fós?’
‘Bhain, is feolmhar an ainnir í. Ach fan go mblaisfidh tú colpa d’Fhionghal Rónáin! Neam-neam!”
Clúdach Scéalaíocht na Ríthe:
Meath Réigiúin
The Architecture of Silence: Abandoned Lives of the Italian South
Foilsithe ag Contrasto Books, An Róimh, 2023
Grianghraif le Steven Seidenberg
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, thug Plean Marshall faoi athnuachan a dhéanamh ar cheantair thalmhaíochta Dheisceart na hIodáile ach theip ar an infreastruchtúr agus thosaigh na sluaite ag triall ar na cathracha ó thuaidh. Tubaiste cheart a d’fhág fothraigh ina diaidh.
Stíl an phéintéara atá ag an ngrianghrafadóir. Tá scata aistí bailithe le chéile anseo chomh maith a thugann léargas dúinn ar ghnéithe éagsúla den tubaiste a bhuail an réigiún sin.