D’íocfaí deontas saor ó cháin suas le €6,000 le múinteoirí a chuirfeadh feabhas ar a gcuid Gaeilge faoi scéim nua atá beartaithe ag Roinn na Gaeltachta.
D’fhógair an Rialtas airgead breise do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2024 chun scéim phíolótach a mhaoiniú a thacódh le múinteoirí scoile agus oibrithe in earnáil an luathoideachais feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
I gcáipéisí de chuid na Roinne, atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tugtar tuilleadh eolais maidir le céard a bheadh i gceist leis an scéim.
Agus an maoiniú don deontas nua á lorg ag Airí na Gaeltachta ag cruinniú réamhbhuiséid leis an Aire Airgeadais, dúradh leis go raibh gá lena leithéid de scéim nua ag teastáil le dul i ngleic leis “vicious circle” atá ann faoi láthair ó thaobh theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais.
Faoin scéim, déanfar cumas Gaeilge na múinteoirí a thomhas ar dtús trí chóras tástála TEG, an Teastas Eorpach sa Ghaeilge.
Chaithfeadh siad tréimhse idir 8-12 mí ansin ag cur feabhais ar a gcuid scileanna trí chúrsaí ar líne nó ar an láthair agus bheadh tréimhse sa Ghaeltacht i gceist freisin.
Ag deireadh na tréimhse foghlama sin, dhéanfadh na rannpháirtithe scrúdú TEG eile chun an dul chun cinn a bheadh déanta acu a thomhas.
D’íocfaí deontas idir €2,000 agus €6,000 leo ag brath ar an dul chun cinn a bheadh déanta agus bheadh an deontas is mó acu siúd a dhéanfadh an dul chun cinn is mó i dtaobh a gcuid Gaeilge.
Tá molta ag Airí na Gaeltachta go mbeadh na deontais a d’íocfaí leis na rannpháirtithe saor ó cháin.
Tá sé beartaithe ag an Roinn gur scéim dheonach a bheadh i gceist agus go ndéanfaí an traenáil agus an tástáil lasmuigh d’uaireanta na scoile. An eagraíocht Gaeloideachas a bheidh i mbun cúrsaí traenála agus riaracháin na scéime.
Rinne an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan cás ar son na scéime ag cruinniú a bhí acu leis an Aire Airgeadais Michael McGrath roimh fhógairt Bhuiséad 2024.
Dúradh ag an gcruinniú go raibh “vicious circle” ann faoi láthair agus droch-chaighdeán Gaeilge acu siúd a théann isteach sna coláistí oiliúna ón scoil agus go mbíonn a gcuid scileanna teanga fós easnamhach agus iad ag fágáil na gcoláistí le dul ag obair i scoileanna.
Nuair a thosaigh Roinn na Gaeltachta ag plé Buiséad 2024 leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, bhí €1.5 milliún á lorg chun an scéim nua a riaradh ar bhonn píolótach ach tuigtear gur gearradh siar ar an maoiniú a cuireadh ar fáil faoi dheireadh mar chuid de chiorruithe níos leithne a rinneadh ar mheastacháin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán.
Dúirt Aire na Gaeltachta an mhí seo caite gur cuireadh €1 milliún breise ar fáil dá Roinn ar mhaithe leis an scéim a chur ar bun.
Thug Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn an tseachtain seo caite gur 200 duine a ghlacfadh páirt sa scéim ar dtús – 150 múinteoir bunscoile agus iarbhunscoile agus 50 oibrí san earnáil luathoideachais.
Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Aodhán Mac Cormaic go raibh súil ann go bhféadfaí an scéim a leathnú amach má éiríonn léi agus spás do suas le 1,000 múinteoir a chur ar fáil.
“Tá fadhb ann sa chóras oideachais, tá sé sin aitheanta ag an Roinn Oideachais, agus tá muid ag iarraidh céim bheag a thógáil chun dul i ngleic leis sin,” a dúirt sé.
Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, nach raibh sé ceart gur ó bhuiséad Roinn na Gaeltachta a bheadh an t-airgead ag teacht chun feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí.
Buiséad €10.5 billiún a bheidh ag an Roinn Oideachais an bhliain seo chugainn, breis is deich n-uaire níos mó ná an €100 milliún a bheidh le caitheamh ag Roinn na Gaeltachta ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.