Tá €250,000 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun comhairleoirí a fhostú le tabhairt faoi phlean tithíocht a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta.
Dúirt an eagraíocht gur “cead i bprionsabal” a bhí tugtha ag an mBord “agus súil múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt”.
Dúradh go raibh “obair go leor le déanamh go fóill in iarracht an múnla agus cur chuige nua a fhorbairt”.
Tá léirithe spéise á lorg ó údaráis áitiúla, eagraíochtaí tithíochta agus eagraíochtaí ábhartha eile chun tabhairt faoi fhorbairt “an mhúnla” ar thrí shuíomh sa Ghaeltacht, sa Rinn, ar an gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair.
Tá comhráití faoi Bheartas Tithíochta Údarás na Gaeltachta ar siúl le comhairlí contae chomh maith leis An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán agus an An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
“Beidh aon teach inacmhainne a bheidh á thógáil ag tarraingt ar fhoinsí maoinithe reatha atá in áit mar chuid do bheartas tithíochta an Rialtais ‘Tithíocht do Chách’.
“Beidh na critéir incháilithe do cheannaitheoirí a fhorbraítear de bharr na hoibre seo ag teacht le critéir incháilithe na scéimeanna atá in áit faoi láthair ach critéir dhochta teanga a bheith luaite leo,” a dúradh.
Cuirfear aon teach a thógfar ar thalamh an Údaráis nó faoi bheartas tithíochta Údarás na Gaeltachta ar fáil do dhaoine le Gaeilge, a dúradh.
Roghnaíodh na suíomhanna atá i gceist mar thoradh ar athbhreithniú atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ar phunann maoine na heagraíochta.
Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain go “luíonn beartas tithíochta Údarás na Gaeltachta go huile agus go hiomlán le hobair an Údaráis pobail inmharthana a fhorbairt ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga chumarsáide laethúil ag na daoine”
Dúirt sí go raibh “cruachás tithíochta sa tír” agus gur “cúis imní mhór” é nach mbeidh an chéad ghlúin eile in ann teach a cheannach sa Ghaeltacht. Bagairt “shuntasach” d’úsáid na teanga mar theanga phobail a bheadh ansin, ar sí.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
“Tá postanna ar fáil sa Ghaeltacht faoi láthair, nach féidir a líonadh ceal tithíochta. Tá daoine ón nGaeltacht, daoine de bhunadh na Gaeltachta agus daoine le Gaeilge araon ag iarraidh bogadh chun na Gaeltachta le bheith ag cur fúthu ann agus an Ghaeilge ina dtimpeall mar theanga bheo.
“Inniu, táimid ag cur tús le Beartas Tithíochta in iarracht an dúshlán sin a shárú agus ag cur le hobair mhór na heagraíochta ag cruthú deiseanna fostaíochta agus ag forbairt pobail na Gaeltachta.”