![](/wp-content/themes/yootheme/cache/f8/tionolnicolas-f8168324.jpeg)
Léacht Thionól na nDéise
Léacht Thionól na nDéise
@ Halla Pobail na Rinne
Festival Lecture / TalkSé Marcus Mac Conghail a thabharfaidh léacht Thionól na nDéise de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge mar chuid de chlár imeachtaí Thionól Niocláis Tóibín, a bheidh ar siúl sa Rinn ón 2-5 Feabhra i mbliana. Labhróidh Marcus faoin teideal “Na Connerys – Scéalta & Amhráin” i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach ar an Satharn seo chugainn, 3 Feabhra ar a 3.00i.n. agus beidh fáilte roimh chách freastal ar an gcaint saor in aisce seo.
Is scríbhneoir, ceoltóir agus craoltóir é Marcus Mac Conghail atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta. D'fhreastal sé fhéin ar Choláiste na Rinne, mar a dhein a athair roimhe. Thug sé taitneamh riamh do stíl amhránaíochta agus stór amhrán na nDéise. Beidh clár raidió a dhein sé faoi na hamhráin agus na scéalta a bhaineann leis na deartháireacha Connery á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Luan seo chugainn, 5 Feabhra.
Tá Tionól na nDéise na Rinne á n-eagrú ag Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge i gcomhar le lucht eagraithe Thionól Niocláis Tóibín. Tá sé mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad. Tuilleadh eolais: https://www.facebook.com/tionol.nioclas/
Mar sin, beidh fáilte roimh gach aoinne chuig Halla Pobail na Rinne ar an Satharn, 3 Feabhra ar a 3.00i.n. don ócáid saor in aisce seo, ag a ndéanfar cheiliúradh ar ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár stair dhúchasach.