Tá tréimhse níos faide sa Ghaeltacht ar cheann de na beartais atá á mbreithniú ag Sinn Féin chun an caighdeán teagaisc atá ag múinteoirí sa Ghaeilge a fheabhsú.
Tá imní léirithe le fada faoin easpa cumais atá ag go leor múinteoirí ó thaobh theagasc na Gaeilge agus deir an páirtí go bhfuil siad ag iarraidh dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann.
Bealach amháin a bhféadfaí sin a dhéanamh ná seachtain bhreise tumoideachais sa Ghaeltacht a mhaoiniú d’ábhair oidí, a deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.
Faoi láthair, bíonn ar ábhair oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht le go mbeadh siad aitheanta mar mhúinteoirí bunscoile ag an gComhairle Mhúinteoireachta.
De réir eolais nua ón Roinn Oideachais, chosnódh sé thart ar €1.3 milliún breise sa bhliain chun seachtain bhreise a chur leis na Tréimhsí Foghlama Gaeltachta (TFG).
Meastar go dtabharfaidh 3,160 mac léinn faoi thréimhsí sa Ghaeltacht in 2024, ar chostas thart ar €2,575,000 do thréimhse coicíse. Bunaithe air sin, measadh go gcosnódh sé €1,288,000 na mic léinn a chur go dtí cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht ar feadh seachtaine eile.
“Tá a lán rudaí éagsúla a dhéanfadh maitheas do chaighdeán agus soláthar na múinteoirí le Gaeilge, tréimhse bhreise sa Ghaeltacht ina measc, nó moladh Ghaeloideachais maidir leis an liúntas do mhúinteoirí lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a thabhairt ar ais,” arsa Ó Snodaigh le Tuairisc.
“B’éigean dúinn a sheiceáil céard é an cur chuige is éifeachtaí chun an fhadhb a réiteach, agus brú a chur ar an Rialtas gníomhú, nó plean a bheith réidh againn sa seans go dtabharfadh an pobal deis dúinne bheith sa chéad rialtas eile.”
Deir Ó Snodaigh go bhfuil sé i gceist aige moltaí Shinn Féin a phlé leis an eagraíocht Gaeloideachas agus le dreamanna eile amach anseo chun tuiscint níos fearr a fháil ar cén chaoi gur féidir an fhadhb a leigheas.
“Tá Sinn Féin ag iarraidh dul i ngleic leis na fadhbanna atá aitheanta sa taighde agus sa saineolas go léir maidir le caighdeán na Gaeilge i measc na múinteoirí, agus an ganntanas atá ag cur isteach ar scoileanna nach féidir leo teacht ar múinteoirí cáilithe le fostú.
“Caithfidh aon bheartais againne, áfach, a bheith bunaithe ar fhíricí agus costáilte i gceart. Tá orainn a bheith dáiríre, agus is é sin an fáth gur lorg muid costais ón Rialtas ar na moltaí seo.”
Deontas €815 an duine a chuireann an Rialtas ar fáil d’ábhair oidí chun an táille iomlán don tréimhse Gaeltachta a íoc.
Cuireadh deireadh leis an deontas in 2012 ach tugadh ar ais é in 2020.