Tá imní léirithe faoin moill atá ar fhorbairt polasaí nua don oideachas sa Ghaeltacht.
Sheol an Roinn Oideachais an Polasaí don Oideachas Gaeltachta in 2017 agus cé go raibh sé i gceist go dtiocfadh deireadh le tréimhse an chéad pholasaí in 2022, cuireadh sin siar dhá bhliain de dheasca na paindéime Covid-19. D’fhág sin go raibh deireadh le teacht le tréimhse an chéad pholasaí i mbliana, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais chun bliain eile a chur leis. D’fhágfadh sin go mbeadh 2025 ann ar a luaithe sula mbeidh polasaí nua ann.
Deir an Teachta Neamhspleách Catherine Connolly go raibh dóthain ama caite ag foghlaim “ceachtanna” an chéad pholasaí agus gur cheart go mbeadh polasaí nua á ullmhú bunaithe ar na ceachtanna sin.
Lorg an Teachta Dála soiléiriú ón Aire Oideachais maidir le forbairt an pholasaí nua ach, seachas a rá go raibh taighde agus measúnú ar bun ag a Roinn, níor thug an tAire Foley le fios cén uair a bheadh an polasaí nua réidh.
“Ní dóigh liom do dtuigeann an tAire an tábhacht atá le polasaí don oideachas sa Ghaeltacht,” arsa an Teachta Connolly le Tuairisc.
“Bhí síneadh ama i gceist ach fós níl dáta luaite leis an bpolasaí nua. Ba chóir go mbeadh an taighde críochnaithe faoin am seo nó go mbeadh dáta againn. Níl aon sonraí tugtha aici maidir le céard é an chéad chéim ó thaobh an pholasaí.”
Mar chuid den pholasaí, cuirtear tacaíocht bhreise ar fáil do scoileanna a aithnítear faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Tá 103 bunscoil agus 29 iarbhunscoil aitheanta mar scoileanna Gaeltachta faoin scéim faoi láthair.
Dúirt an tAire Foley go raibh na scoileanna atá ag glacadh páirt sa scéim curtha ar an eolas go mbeadh an tacaíocht bhreise ag leanúint ar aghaidh don chéad scoil bhliain eile, 2024/2025.
Deir Catherine Connolly go bhfuil an Roinn ag iarraidh síneadh eile a chur leis an bpolasaí gan é sin a fhógairt go poiblí.
“Ní saineolaí mé ach níl sé sásúil leanúint ar aghaidh ar an gcaoi chéanna,” ar sí.
“Bhí tréimhse ama leagtha amach agus ansin bhí síneadh ama i gceist mar gheall ar Covid, síneadh ar ghlac mé leis, ach tá gá anois le dáta.
“Ba chóir go mbeadh sin leagtha amach sa bhfreagra ag an Aire. Bhí an freagra beagáinín maslach i ndáiríre agus beidh mé ag dul ar ais le tuilleadh ceisteanna.”
Dúirt an tAire Foley go raibh staidéar ar bun ag an bhForas Taighde ar Oideachas chun tionchar agus éifeacht na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a mheas agus go raibh tuairimí tuismitheoirí, daltaí, múinteoirí agus príomhoidí á mbailiú. Dúirt sí go bhfoilseofaí na torthaí “in am trátha”.
“Bhí mé i gcónaí dearfach faoin bpolasaí,” a deir Connolly. “Go teoiriciúil, bhí sé iontach ach, go praiticiúil, caithfidh muid fáil amach céard atá bainte amach agus céard atá foghlamtha. Cá bhfuil ár dtriall anois?”
Tá an Roinn Oideachais freisin ag obair ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach, dála an pholasaí nua Gaeltachta, níl aon chinnteacht ann maidir le cén uair a fhoilseofar é.