Tá an t-aisteoir agus scríbhneoir aitheanta Diarmuid de Faoite ina measc siúd a bhfuil gradam speisialta le bronnadh ag Ollscoil na Gaillimhe orthu an mhí seo chugainn.
Tá de Faoite ar dhuine d’ochtar ar a bhfuil Gradam Alumni le bronnadh ag an ollscoil i mbliana. Roghnaíodh de Faoite don Ghradam don Ghaeilge.
Aistriúchán ar an gcnuasach gearrscéalta Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire an saothar is déanaí ag de Faoite agus tá cáil bainte amach aige as a bheith ag aisteoireacht ar stáitse, i gcláir teilifíse agus i scannáin.
Is as Inis i gCo. an Chláir ó dhúchas do Dhiarmuid agus bhain sé Baitsiléir Eolaíochta sa Luibheolaíocht amach ó Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le hArd-Dioplóma san Uisceshaothrú, agus fuair sé MA i dTeiripe Dhrámaíochta ó Ollscoil Roehampton i Londain. Chaith de Faoite seal ag obair mar Fheidhmeannach Drámaíochta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.
Fuair de Faoite ainmniúchán do gradam IFTA dá ról sa tsraith Corp+Anam agus bhí Foscadh, Arracht agus Finky i measc na scannán a raibh sé ag aisteoireacht iontu le blianta beaga anuas.
Is iad James Murphy – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Lifes2good; Maureen Kennelly – Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon; Caitríona Walsh – Uachtarán Tíre agus Stiúrthóir Bainistíochta, Novartis Ireland; Shawan Jabarin – Stiúrthóir Ginearálta Al-Haq; An Dr Dermot Phelan – Iar-Chomhairleoir le Leigheas Dianchúraim, Ospidéal an Mater; Heather Boyle – Iar-rámhaí idirnáisiúnta; agus Jack O’Meara – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Ochre Bio na daoine eile a bhfuil na Gradaim Alumni do 2024 le bronnadh orthu.
Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, gur “údar bróid” dóibh san ollscoil aitheantas a thabhairt do na halumni seo.
“Léiríonn gach duine acu an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ár gcéimithe, agus is mór an onóir dúinn a bheith in ann aitheantas a thabhairt dóibh agus a bhfuil bainte amach acu a cheiliúradh, agus béim againn ar ár gcuid luachanna mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht,” arsa Ó hÓgartaigh.
Bronnfar na gradaim ag féasta ar an Aoine, an 10 Bealtaine.
Tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn agus na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra, Seán O’Rourke agus Gráinne Seoige ina measc siúd a bhfuil Gradam Alumni bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe orthu roimhe seo.