Tá cúraimí na Gaeltachta le cur ar an Aire Stáit Thomas Byrne.
Bhí folúntas ann d’Aire Stáit na Gaeltachta tar éis don Taoiseach nua ardú céime a thabhairt don Teachta Dála Patrick O’Donovan, a ceapadh ina Aire Ardoideachais, agus tá sé deimhnithe do Tuairisc go bhfuil cinneadh déanta freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a chur ar Byrne, atá ina Aire Stáit don Spórt chomh maith.
Cé gur cainteoir líofa Gaeilge é Byrne agus go bhfuil sé ag obair sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán cheana féin, ní raibh sé á lua i measc na roghanna don chúram toisc gur Teachta de chuid Fhianna Fáil atá ann.
Ní raibh mórán roghanna ag Simon Harris d’aireacht na Gaeltachta toisc go bhfuil a laghad sin Teachtaí ag Fine Gael atá le seasamh sa chéad toghchán eile a bhfuil Gaeilge líofa acu, áfach.
Bhí Hildegarde Naughton á lua leis an bhfolúntas mar Aire Stáit na Gaeltachta ach tá sise le fanacht mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus aireacht stáit aici sa Roinn Sláinte. Bhí tuairiscí ann freisin ar maidin go raibh Alan Dillon le ceapadh sa ról, cé nach bhfuil Gaeilge líofa aige, ach tá post sa Roinn Tithíochta faighte aigesean.
Ábhar suntais a bheidh ann do mhuintir na Gaeltachta agus d’eagraíochtaí teanga go raibh an Taoiseach nua Simon Harris sásta cúraimí na Gaeltachta a thabhairt do Theachta ó Fhianna Fáil seachas duine óna pháirtí féin a cheapadh.
Chomh maith le cúraimí na Gaeltachta, bhí an t-iarAire Stáit Patrick O’Donovan freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí chomh maith ach tá cinneadh déanta ag an Taoiseach nua na cúraimí a scaradh óna chéile. Is do Kieran O’Donnell, Teachta eile as Luimneach, a tugadh an aireacht stáit don OPW.
Is é Thomas Byrne an ceathrú fhear a ceapadh mar aire stáit don Ghaeltacht le linn téarma an rialtais seo. Ceapadh Dara Calleary sa ról ar dtús in 2020 sular ceapadh Jack Chambers i lár na bliana céanna. Tháinig Patrick O’Donovan i gcomharbacht ar Chambers ansin ag deireadh 2022.
Teachta Dála don Mhí Thoir is ea Byrne, atá 46 bliain d’aois. Toghadh chun na Dála é den chéad uair in 2007. Chaith sé seal mar Sheanadóir idir 2011-2016 agus toghadh é mar Theachta Dála arís in 2016.
Is minic le Byrne agallaimh i nGaeilge a dhéanamh leis na meáin.
Cé go bhfuil ceapacháin na n-airí stáit nua fós le fógairt go poiblí, tuigtear go bhfuil Neale Richmond le ceapadh mar aire stáit sa Roinn Airgeadais, Emer Higgins in aireacht stáit sa Roinn Fiontar agus go bhfaighidh Colm Burke aireacht stáit sa Roinn Sláinte.